Méid an Téacs

Dea-scéal an Taoisigh caillte ar Ghaeil na tíre

Nollaig 18, 2013

Is dócha go bhfuil an Taoiseach sásta go maith leis féin an tseachtain seo. Tá flaitheas airgid na tíre faighte ar ais agus bata agus bóthar tugtha don dTriúr Rí a bhí i réim anseo le blianta beaga anuas.

Ní hionann agus an Triúr Rí a tháinig ón Oirthear go dtí an Stábla i mBeithil dhá mhíle éigin bliain ó shin, thug an triúracht seo anró, drochshaol agus dífhostaíocht leo mar fhéiríní. Ní féidir an locht a chur ar Enda Kenny as ucht a bheith sásta leis féin an bua a fháil sa chluiche leanúnach atá ar bun aige ar son fhoireann Fhine Gael in éadan Fhianna Fáil agus an chodach eile.

Bua

Gach seans go gcinnteoidh ruaigeadh na Triúrachta bua dó sa chéad olltoghchán eile. Ní hiontas é aoibh na féinsástachta sin a bheith air nó tá Enda agus a chomhghleacaithe tite i ngrá lena ról mar shlánaitheoirí na tíre ó thorthaí tubaisteacha ainriail Fhianna Fáil.

Tá siad an oiread sin i ngrá leo féin go bhfuil siad dall ar dhrochthorthaí a ndrochoibre féin ag cur an drochshaoil i réim in Éirinn. Bíonn siad ar an raidió ag caint faoin dtitim ar an ráta dífhostaíochta ach ní thugann siad suntas don ardú ar an ráta imirce.

Níl duine chomh dall le hAire Rialtais nach bhfeiceann na haerfoirt lán imirceach ag teacht abhaile don Nollaig an tseachtain seo chugainn agus ag filleadh ar deoraíocht arís go luath san Athbhliain. Is léir nach bhfuil an Ghaeilge ar an gcloch is mó ar phaidrín an Taoisigh nó príomh-airí eile an Rialtais seo nó mar is dual d’fhear Mhaigh Eo, áfach, chaill sé deis cúpla pointe breise a scóráil ar son na Gaeilge agus é ag tabhairt a ‘Óráid don Náisiún’ ar RTÉ ag an deireadh seachtaine.

Nár rith sé leis, b’fhéidir, go raibh seans aige óráid a thabhairt i nGaeilge freisin agus é seo a dhéanamh ar an gcraoltóir stát-mhaoinithe eile, TG4?

Sin beart ceannaireachta nach gcosnódh ach cúpla uair a chloig ama ar an gcainteoir líofa seo agus an artola a thabharfadh é ó Chaisleán an Bharraigh thar teorainn go Baile na hAbhann. Dá mbeadh an óráid tugtha aige i nGaeilge ar TG4, mar aon le leagan Béarla do RTÉ, bheadh comhartha tugtha aige do phobal na Gaeilge, ar cáiníocóirí iad an oiread le haon dream eile sa tír, go n-aithníonn sé gur ann dúinn. Ina áit sin, táimíd fágtha as an áireamh uair amháin eile. Tuigimid Béarla agus tá teacht againn ar RTÉ, nach bhfuil?

Is ionann an cur chuige aonteangach seo agus deis eile caillte ag Taoiseach nach gcailleann deis deis a chailleadh.

Neosfaidh mé daoibh cén fáth: d’éisigh Ollscoil Luimnigh tuarascáil leis an Dr Máire Ní Ríordáin an tseachtain seo caite a léirigh go raibh páistí le hoideachas dhátheangach Gaeilge agus Béarla níos fearr ag an matamaitic ná páistí le hoideachas i mBéarla amháin.

Baol

An bhfuil aon bhaol ann go raibh baint ag an oideachas aonteangach a fuair formhór ár gceannairí le glúnta anuas leis an dtubaiste eacnamaíochta a thit amach sa stát seo, tráth nuair ba léir ná raibh na ‘suimeanna’ á ndéanamh mar ba cheart acu?

Ní ar mhaithe le hábhar a thabhairt do thaighdeoir éigin dochtúireacht a ghnóthú a chuirim an cheist ach le bealach chun tosaigh a léiriú ón gcrosbhóthar seo dár dtír. Is é an dátheangachas bealach ár slánaithe.

Féach air sin, an Nollaig buailte linn, agus mise ag argóint agus i ndrochghiúmar. Ortsa an locht, a Thaoisigh! Nollaig Shona daoibh go léir agus athbhliain faoi shéan is faoi mhaise!

www.independent.com