Méid an Téacs

Déanann John O’Dowd comhghairdeas le céimithe an tionscnaimh Teaghlaigh agus Scoileanna le Chéile in Scoil an Droichid

Samhain 25, 2014

Tá an tAire Oideachais, John O’Dowd i ndiaidh comhghairdeas a dhéanamh le teaghlaigh áitiúla a bhfuil céim bainte amach acu tríd an tionscnamh Teaghlaigh agus Scoileanna Le Chéile (TESC) ag Scoil an Droichid i mBéal Feirste.

Cuireann Mícheal Ó Duibh, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíocht, fáilte mhór roimh ráiteas an Aire, John O’Dowd, faoin Tionscnamh Teaghlaigh agus Scoileanna le Chéile in Scoil an Droichid Agus déanann sé féin, comhghairdeas leis an scoil ar son na hearnála.

Is é atá i gceist leis an chlár TESC, tuismitheoirí agus baill teaghlaigh ag déanamh freastail ar ocht seisiúin idirghníomhacha seachtainiúil sa scoil nuair a ghlacann siad páirt i ngníomhaíochtaí foghlama i gcuideachta a gcuid páistí.

Ag labhairt dó ag Scoil an Droichid, dúirt an tAire: “Is dóigh iontach é an clár TESC le tuismitheoirí a chur i dteagmháil lena chéile agus le naisc éifeachtacha a thógáil idir scoileanna agus a gcuid pobail áitiúla, chun tairbhe na ndaoine óga. Tá obair éifeachtach, comhoibríoch déanta ag an Fhoireann anseo i Scoil an Droichid, le tacaíocht ‘Fóir ar na Páistí’ leis an chlár seo a chur ar fáil do 15 teaghlach áitiúla.”

Ag déanamh cur síos ar ról na dtuismitheoirí dúirt an tAire: “Tá ról tábhachtach le himirt ag tuismitheoirí in oideachas a gcuid páistí. Tugann TESC na scileanna agus an mhuinín do thuismitheoirí cuidiú lena bpáistí le foghlaim, le léamh, le scríobh agus lena dhéanamh go maith ar scoil, ag fágáil oidhreachta bhuan sna pobail ina mbíonn an clár i bhfeidhm. Cuidíonn TESC le páistí a gcumas iomlán a bhaint amach ar scoil tríd a n-inniúlacht acadúil a fheabhsú, dea-iompar a spreagadh agus le dearcadh dearfach i leith na foghlama a chruthú.”

Dúirt an tAire, mar fhocal scoir: “Níl aon amhras ach gur féidir le rannpháirtíocht tuismitheoirí agus teaghlaigh in oideachas leanaí buntáistí iarbhír a chur ar ghnóthachtáil agus, ar a seal, ar deiseanna saoil agus ar thorthaí. Go deimhin, is é seo an fócas agus spiorad an fheachtais s’agam ‘Éiríonn leis an Oideachais.

“Scéal ratha iomráiteach atá sa tionscadal TESC i Scoil an Droichid maidir leis seo agus mar an chéad Gaelscoil leis an chlár a chur i gcrích tá sí le moladh. Déanaim comhghairdeas le foireann na scoile as a n-obair chrua agus as a dtiomantas i seachadadh na scéime; an Príomhoide agus na gobharnóirí as an scéim a éascú; agus na tuismitheoirí agus teaghlaigh áitiúla as glacadh leis an tionscnamh, de leas foghlama a gcuid páistí.”