Méid an Téacs

Deireadh le Díospóireachtaí Ghael-Linn?

Feabhra 3, 2012

Tá sé ráite ag Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, go bhfuil Foras na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le maoiniú do chomórtais Díospóireachta Ghael Linn.

Agus é ag labhairt ag bronnadh na nduaiseanna do chomórtais na bliana seo d’iarr sé ar Fhoras na Gaeilge athmhachnamh a dhéanamh ar an moladh seo agus dúirt sé gur “cuid lárnach den oideachas in Éirinn iad díospóireachtaí Gael Linn le breis is caoga bliain anuas”.

Mar thoradh ar chomórtais na bliana seo tá Fionnuala de Bhailís, Clíona Ní Bhriain agus Síofra Ní Shé, foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, ag ceiliúradh a mbua i gCraobh na hÉireann i  Roinn na Sóisear de Chomórtas Díospóireacht Uí Chadhain, comórtas do Ghaelcholáistí agus do scoileanna Gaeltachta dara-leibhéal.

Is í Máirín Ní Dhomhnaill an múinteoir a chuidigh agus a chabhraigh leis an bhfoireann ar a mbóthar chun na Craoibhe agus bhí sí an-bhródúil as na scoláirí. Éacht eile é seo don Scoil Chuimsitheach, mar gur thug foireann shinsearach na scoile an chraobh leo trí bliana as a chéile – 2009, 2010 agus 2011.

Bronnadh buanchorn Gael Linn agus duais €1,000 ar an bhfoireann bhuacach agus tugadh cuireadh dóibh freisin páirt a ghlacadh i Rí Chéile,  féile dhíospóireachta bliantúil a reáchtálann Gael Linn do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig, i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba.

GALWAY ADVERTISER