Méid an Téacs

Deireadh Seachtaine do Dhaoine Fásta sa Ghaeltacht

Meán Fómhair 18, 2013

Dóibh siúd gur spéis leo a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú in atmasféar taitneamhach spraíúil, tá Gael Linn ag eagrú deireadh seachtaine Gaeilge agus cultúrtha i nGaeltacht Ráth Chairn ón Aoine go Domhnach, 11ú go 13ú Deireadh Fómhair 2013.
Is í seo an séú bhliain don eagras an ócáid ráthúil seo a eagrú i gcomhar le Comharchumann Ráth Chairn. I rith na deireadh seachtaine gheobhaidh foghaimeoirí fásta na Gaeilge blaiseadh de chultúr na Gaeltachta agus den Ghaeilge labhartha. I measc na n-imeachtaí atá beartaithe, tá ranganna comhrá Gaeilge ag meánleibhéal, ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, quiz boird, seisiúin cheoil agus ciorcail chomhrá! Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite timpeall uair a chloig ó Bhaile Átha Cliath i gContae na Mí. Bunaíodh an Ghaeltacht sa bhliain 1935 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí. Is Gaeltacht bheo í a ofrálann timpeallacht idéalach chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh.

Socrófar lóistín do na rannpháirtithe go háitiúil. Táille na deireadh seachtaine ná €180 an duine le lóistín, béilte, ranganna agus siamsaíocht san áireamh. Is deis iontach í seo do dhaoine fásta an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh i suíomh nádúrtha na Gaeltachta. Ní foláir clárú go luath áfach mar bíonn an-éileamh ar áiteanna ar an gcúrsa áirithe seo gach bliain. Gach eolas ar fáil ó Gael Linn ar www.gael-linn.ie nó 01 6751200 nó is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach ar 085 1340045 nó scríobh chuig emma@glorcheatharlach.ie

www.carlow-nationalist.ie