Deiseanna fostaíochta Gaeilge le plé i gCúige Mumhan
Samhain 1, 2011
Tugtar cuireadh do scoileanna i gceantair Luimnigh agus Phort Láirge chuig seimineáir ar an nGaeilge agus gairmeacha, a bheidh á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go luath.
Agus rang na hArdteiste 2011 ag tosú ar a gcuid cúrsaí ollscoile go luath, tá sé tráthúil go bhfuil dátaí an tseimineáir gairmeacha agus cúrsaí ollscoile, ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ fógartha.
Tabharfar deis do dhaltaí scoile ó na ranganna sinsearacha san iar-bhunscoil páirt a ghlacadh san imeacht oideachasúil seo in ionaid éagsúla timpeall na tíre.
Reáchtálfar seimineáir i gcathair Luimnigh ar an Máirt, 22 Samhain agus ar 23 Samhain tiocfaidh camchuairt Bhuntáiste Breise na Gaeilge chomh fada le Dún Garbhán Co. Phort Láirge.
Beidh an seimineár i nDún Garbhán ar an séú seimineár déag a bheidh reáchtáilte ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le cúpla bliain anuas agus faoin am seo beidh freastal déanta ag na seimineáir seo ar 120 iar-bhunscoil agus suas le 4,300 dalta scoile timpeall na tíre.
Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre. Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.
I measc na gcainteoirí i Luimneach beidh an ceoltóir aitheanta agus príomhamhránaí leis an ngrúpa ceoil Danú, Muireann Nic Amhlaoibh, Breandán Mac Fhionnghaile atá ina Oifigeach Forbartha leis An Clár As Gaeilge mar aon le Dónal Ó hAiniféin atá ina phríomhoide i nGaelscoil Mhichíl Chíosóig, Ciara Considine atá fostaithe mar Oifigeach Margaíochta/Riarthóir Feidhmiúcháin in Ollscoil Luimneach agus Bláthnaid Ní Dhonnchadha bean óg a Co. An Chláir a d’fhoghlaim Gaeilge agus atá ag obair leis na meáin chumarsáide.
An lá dár gcionn beidh painéal iontach eile d’aoichainteoirí i láthair in Óstán na Páirce i nDún Garbhán chun cur síos ar a dtaithí féin – ina measc beidh Mairéad Ní Mhurchú Léiritheoir Stiúrthóir le Nemeton sa Rinn, labhróidh Oifigeach Gaeilge, Comhairle Contae Phort Láirge Máire Seosaimhín Breathnach ar a cuid oibre leis an gComhairle Contae, agus tabharfaidh peileadóir óg le Port Láirge agus múinteoir i scoil sa Sean Phobal Liam Ó Lonáin léargas ar an gconair a thóg sé siúd agus é ag roghnú a ghairme.
Déanfaidh Áine Ní Shléibhín atá ina hOifigeach Forbartha le Gael Taca i gcathair Chorcaí cur síos ar a cuid oibre agus beidh cur i láthair an-suimiúil le Traic Ó Braonáin atá ina Bhainisteoir Iar-Aire le Cumann na bhFiann.
Le dhá phainéal mar atá thuasluaite is cinnte go mbeidh cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus go rachaidh taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.
©Foilsithe ar Gaelport.com