Méid an Téacs

Earrach na Gaeilge ag bláthú faoi dheireadh

Feabhra 27, 2014

Chonaic mé teachtaireacht le linn na seachtaine a phostáil eagraí Lá Mór na Gaeilge ar Twitter agus bhain sé siar asam.

De réir an fhir seo, b’alt “stairiúil” mo cholún an tseachtain seo caite ós rud é go raibh sé dearfach. An chéad fhreagra a thug mé — an é go gceapann an duine seo go mbím diúltach chomh minic sin gur féidir leis “alt stairiúil” a bhaisteadh ar cheann a cheapann sé a bheith dearfach? Ar ndóigh, ní chreidim go mbím diúltach — is amhlaidh gur duine mé a chuireann mo thuairim mhacánta i láthair. Ní chreidim sa bholscaireacht. Ní fhéadfadh duine a bheith diúltach faoi Lá Mór na Gaeilge mar ba cheiliúradh é an oiread is b’agóid é. Má deirim nach dóigh liom go n-imreoidh sé tionchar ar an Rialtas — agus na páirtithe ar mhaith leo a bheith i gcumhacht — ní hionann sin agus a rá nach n-imreoidh sé tionchar ar phobal na Gaeilge.

Creidim gurb é sin an iarmhairt is tábhachtaí a bheidh ag an ócáid úd i mBaile Átha Cliath. Faoi dheireadh, is gluaiseacht í Gluaiseacht na Gaeilge arís. Ní féidir ach a bheith dearfach faoi sin. Tá earrach na Gaeilge ag bláthú. É sin go léir ráite, tá ceisteanna fós le freagairt. Céard a tharlóidh anois? Tuigim go mbeidh mórshiúlta eile ann agus is maith ann iad. Ach an féidir an fuinneamh sin a chur ag obair ar son spriocanna áirithe a bhaint amach? Creidim gur féidir. An freagra a bhí agamsa ar Lá Mór na Gaeilge ná feachtas a thosú chun iarraidh ar na páirtithe éagsúla agus ar an Oireachtas níos mó Gaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta. Más féidir le Parlaimint na hEorpa a bheith ag tvuíteáil i nGaeilge, níl aon chúis nach féidir lenár bparlaimint féin a bheith ag tvuíteáil sa teanga náisiúnta. Tá corrpholaiteoir i bpáirtithe éagsúla a phostálann corrtvuít i nGaeilge — ach tá na páirtithe féin go hainnis. Is é Sinn Féin (@sinnfeinireland) an páirtí is mó a úsáideann an Ghaeilge ina tvuíteanna — ach céard a chiallaíonn sé sin? De réir an tsaineolaí ar tvuíteáil i nGaeilge, bíonn 1.6% de tvuíteanna SF sa teanga náisiúnta. Tá Fianna Fáil, an Lucht Oibre agus Fine Gael níos measa ná sin féin!

Ar aon nós, tá an feachtas #gaeilgeledthoil nó #gaeilgeledothoil ag dul ó neart go neart ar Twitter. Tá cara liom a cheapann go bhfuilimid róbhéasach tar éis feachtas #gaeilgeAnois a thosú. Is í an sprioc chéanna atá againn ar fad. Is é sin, áiteamh ar pháirtithe polaitúla agus forais stáit a bhaineann úsáid as na meáin shóisialta labhairt linn i nGaeilge. Mar a déarfadh an file, Seán Ó Riordáin, dá mbeadh sé beo, b’fhéidir, má labhraimid leo i nGaeilge, nach nGaelófaí iad? B’fhéidir go bhfuilim saonta sin a cheapadh ach ní dóigh liom gur rud saonta é a bheith ag cur na gceisteanna agus ag iarraidh ar na páirtithe is na forais stáit an Ghaeilge a úsáid agus iad ag labhairt liom ar mheáin chumarsáide saor in aisce. Cúirtéis a éilím. Sin an méid. Mura bhfuil a ndóthain Gaeilge ag ár gceannairí agus ár n-údaráis 140 carachtar i nGaeilge a phostáil, cén saghas oideachais a fuair siad? Tá ceisteanna tromchúiseacha le cur faoina gcaighdeán oideachais, gan an Ghaeilge a chur san áireamh fiú, murar féidir leo an méid sin a dhéanamh !

www.independent.ie