Méid an Téacs

Fáiltíonn Comhairle na Gaelscolaíochta roimh dhílsiú ceithre Ghaelscoil eile

Meán Fómhair 7, 2015

Chuir Cathaoirleach Chomhairle na Gaelscolaíochta (CnaG), Stephen Peover, fáilte roimh fhógra an Aire Oideachais inné gur cheadaigh sé dílsiú ceithre ghaelscoil eile mar chuid d’athbhreithniú le hinmharthanacht chaipitiúil na scoileanna a mheas, rud a dhearbhaíonn muinín an Aire i láidreacht na hearnála. Ba iad na scoileanna iad: Gaelscoil Léim an Mhadaidh, Co. Dhoire; Gaelscoil Eoghain, Co. Thír Eoghain; Gaelscoil na mBeann, Co. An Dún agus Gaelscoil na Móna, Béal Feirste. Agus é ag caint ar son Stiúrthóirí CnaG, dúirt Stephen Peover: “Léirsigh go leor tuismitheoirí a dtiomantas pearsanta féin d’fhás na gaelscolaíochta ag tarraingt go leor achrainn orthu féin idir airgeadúil agus rachtúil agus is maith sin a bheith aitheanta ag an Aire a léirigh trí dhílsiú na scoileanna seo a thuairim láidir féin gur institiúidí láidre, inmharthana iad a sholáthraíonn caighdeán ard oideachais dá ndaltaí féin.”

Lean sé leis: “Ar son na dtuismitheoirí agus na ndaltaí, tugann Comhairle na Gaelscolaíochta buíochas don Aire go n-aithníonn seisean agus a Roinn díth na cóiríochta cuí a sholáthar agus go mbeidh teach ag tuismitheoirí ar an ghaelscolaíocht más mian leo í. Tá an cinneadh seo ag teacht le riachtanais Chomhaontú Aoine an Chéasta forbairt na gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú agus saorfaidh sé acmhainní a chuirfidh ar chumas ár gcomhghleacaithe in Iontaobhas na Gaelscolaíochta tacú tuilleadh tionscadal eile scoile.”

Is cúis mhór ríméid an scéal seo do thuismitheoirí agus theaghlaigh dhaltaí reatha na gaelscolaíochta. Ina theannta sin, ta dóchas ann go spreagfaidh sé tuismitheoirí eile breithniú a dhéanamh ar an ghaelscolaíocht dá bpáistí féin. Shonraigh an t-uasal Peover, áfach: “Níor dílsíodh an t-am seo gach scoil eile a chuaigh tríd an athbhreithniú le hinmharthanacht chaipitiúil a bhaint amach agus beidh díomá orthu sin uile. Ach sin ráite, tá súil againn go spreagfaidh na scoileanna ar éirigh leo, go spreagfaidh siad na scoileanna eile dhá oiread fuinnimh a chur sa chéad iarracht eile agus déanfaidh Comhairle na Gaelscolaíochta a seacht ndícheall cuidiú agus tacú leis na hiarrachtaí sin.

http://www.comhairle.org/gaeilge/2015/09/failtionn-comhairle-na-gaelscolaiochta-roimh-dhilsiu-ceithre-ghaelscoil-eile/