Méid an Téacs

Feachtas tiomsaithe airgid do Ghaelscoil Ráth Tó

Samhain 16, 2010

Ag tús na scoilbhliana seo, osclaíodh Gaelscoil Ráth Tó, i gCo. Na Mí, In ainneoin gur dhiúltaíodh aitheantas dóibh ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

D’fhógair meitheal eagraíochtaí Gaeilge, ina measc Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar agus An Foras Pátrúnachta, go bhfuil siad aontaithe ar thacaíocht a sholáthar do Choiste Bunaithe Ghaelscoil Ráth Tó, an chéad Ghaelscoil le hoscailt ó 2008, faoi ainm an fheachtais Aitheantas.

Tá feachtas tiomsaithe airgid curtha ar bun ag an bhfeachtas Aitheantas, chun costais na scoile a íoc, toisc nach bhfuil pingin le fáil ag an scoil ón stáit toisc nach bhfuil sí aitheanta go hoifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna, agus tá crannchur á reáchtáil ar son Ghaelscoil Ráth Tó le geansaithe CLG sínithe as Gaeilge ag foirne Chorcaí, an Dúin, Thiobraid Árann agus Chill Chainnigh mar dhuaiseanna.

Tá na mílte bandaí dubha le hinscríbhinn greanta i mbuí á ndíol ag Aitheantas chomh maith, áit go bhfuil an focal Gaeilge agus comhartha le hordóg in airde le feiceáil orthu. Tá costas €1 ar gach ceann; bronntanais bheaga iontacha atá iontu dóibh siúd atá ag freastal ar Ghaelscoileanna, clubanna óige Gaeilge, páistí ó theaghlaigh Gaeilge, cumainn Ghaelacha agus eile, agus téann aon bhrabús ó dhíol na mbandaí caol-láimhe i dtreo an fheachtais Aitheantas agus Ghaelscoil Ráth Tó.

Is féidir ordú a dhéanamh ar na bandaí caol-láimhe agus tuilleadh eolais ar chrannchur na ngeansaithe sínithe ar son Ghaelscoil Ráth Tó trí ríomhphost a chur go lorcan@glornangael.ie / aitheantas@ireland.com nó foirm iarratais a sheoladh go Aitheantas, f/ch Glór na nGael, Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí.