Méid an Téacs

Féile na Gaeilge

Feabhra 18, 2014

Tá mí an-taitneamhach, suimiúil agus gnóthach i ndán do phobal Cheatharlach agus rogha mór imeachtaí á phleanáil do chlár Fhéile na Gaeilge.

Reachtálfar Mí na Gaeilge seachas Seachtain na Gaeilge i mbliana a mhairfidh ó thús go deireadh Mhí an Mhárta. I measc na mbuaicphointí beidh an Comórtas Amhránaíochta Pan Cheilteach, Feis na nGael, imeachtaí na Féile Pádraig, Scoildrámaíocht agus an Fhéile Drámaíochta. Tar éis suas le daichead iarratas a fháil tá gearrliosta na n-amhrán nuachumtha roghnaithe don Chomórtas Náisiúnta Pan Cheilteach a bheidh ar siúl ins an Ostán Seven Oaks ar an Satharn, 8ú Márta ag 8.00i.n. Cuirfear na hamhráin i láthair go poiblí ag ócáid ghalánta os comhair lucht éisteachta agus painéal moltóireachta. Chomh maith le seic €1,000 a bhailiú rachaidh an t-amhrán buachach ar aghaidh le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta a bheidh ar siúl i gCathair Dhoire um Cháisc. Le rogha leathan, éagsúlacht iontach agus roinnt amhráin le cumadóirí áitiúla san áireamh is cinnte go mbeidh éileamh mór ar thicéid don imeacht áirithe seo. Tá na ticéid @ €10 ar fáil trí VISUAL ag 059 9172400 nó www.visualcarlow.ie. Moltar áirithintí a dhéanamh gan mhoill chun suíocháin a chinntiú.

Eagraíonn Feis na nGael sraith imeachtaí chun ceangal leanúnach a chothú idir Éire agus Alba agus é mar aidhm ag an eagraíocht an dá chultúr ceilteach a roinnt agus a cheiliúradh le chéile. Mar chuid de chamchuairt náisiúnta na Feise i rith dheireadh seachtaine na Féile Pádraig tabharfar cuairt ar Cheatharlach ar an Satharn, 15ú Márta le haghaidh oíche mhór cheilteach ins an Ostán Seven Oaks. I measc na rannpháirtithe ar an oíche beidh amhránaithe, ceoltóirí, rinceoirí, píobaire agus file ag roinnt a gcuid talainne sa dá theanga. Tá ócáid fíor álainn geallta agus beidh fáilte roimh chách.

I measc na n-imeachtaí dírithe ar scoileanna i rith Mhí an Mhárta beidh Slógadh Spleodar, Spraoicheisteanna an Earraigh, Comórtas Ealaíne, Comórtas Aiste agus Ceardlann Coimicí Gael. Cuirfear fáilte roimh dhrámaí ó scoileanna áitiúla ag an Lá Scoildrámaíochta ar an Déardaoin,13ú Márta. Beidh Mórshiúl na Féile Pádraig ar na sráideanna agus céilithe galore. Chomh maith le fáilte a fhearadh roimh dhrámaí ó cheantair éagsúla léireoidh an complacht drámaíochta áitiúil Aisteoirí an Lóchrainn an dráma Maggie Mhór le John B. Keane ag an bhFéile Drámaíochta a reachtálfar in Amharclann G.B. Shaw ar an Satharn, 22ú Márta. Féile mhór na Gaeilge mar sin i gCeatharlach a mhairfidh ar feadh míosa, Mí an Mhárta agus Mí na Gaeilge. Bí ullamh agus bain taitneamh as an teanga agus an cultúr. Beidh clár iomlán agus gach eolas ar fáil ó Glór Cheatharlach ar 059 9158105, 085 1340047 nó seol ríomhphost chuig emma@glorcheatharlach.ie.

www.carlow-nationalist.com