Méid an Téacs

Gaeltacht ar an dé deiridh?

Aibreán 2, 2013

‘Níl a leithéid de rud againn níos mó agus Gaeltacht,’a deir Seosamh Mac Donnacha san eagrán reatha de Comhar.
Maíonn sé gur cainteoirí dúchais dátheangacha iad formhór mhuintir na Gaeltachta, agus nach sealbhaíonn siad an dá theanga ag an luas céanna ná go dtí an leibhéal cumais céanna.

Caithfimid ceist bhunúsach a chur orainn: cad is Gaeltacht ann? Go dtí seo, tá Rialtas Bhaile Átha Cliath sásta líne a tharraingt agus ‘tearmann Indiach’ a chruthú, gan bonneagar ceart.

Deir Mac Donnacha nach mbeadh páiste a tógadh leis an Ghaeilge sa Ghaeltacht ábalta seirbhísí bunúsacha a fháil tríd an Ghaeilge, nach mbeadh sé ábalta oideachas a fháil go hiomlán tríd an Ghaeilge, nach mbeadh sé in ann post a fháil mura bhfuil Béarla aige, agus nach mbeadh sé ábalta labhairt leis na gardaí i nGaoth Dobhair i nGaeilge.

Sin an fhadhb is mó atá againn maidir leis an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht: níl an Ghaeilge sa timpeallacht. Nuair a théann tú isteach i siopa nuachtán mór anseo, feiceann tú na céadta iris i mBéarla (ráiméis an chuid is mó acu, ach sin scéal eile). Ní féidir leat iris Ghaeilge a fháil i siopa nuachtán ar bith i nDoire. Dála an scéil, thig leat Paris Match a cheannach i lár na cathrach gach seachtain.

Má théann tú thar sáile, is féidir leat teanga na tíre a phiocadh suas go gasta. Labhraítear í i ngach áit: ar an tsráid, sa teach, sna siopaí, sna hoifigí srl. Cluineann tú an teanga an t-am ar fad ar an raidió agus ar an teilifís. Feiceann tú nuachtáin agus fógraí sa teanga. Bíonn tú i dteagmháil leis an teanga i gcónaí – fírinne fhollasach. Ach ní tharlaíonn sin in Éirinn. Agus ní féidir teanga a fhorbairt mura mbaintear úsáid aisti go leanúnach i saol an phobail.

Níl ach tír amháin ar dhroim an domhain ina bhfuil tú in ann post a fháil san earnáil phoiblí mura bhfuil an teanga náisiúnta agat- sin teach na ngealt darb ainm Éire, ar ndóigh, tír ina bhfuil polaiteoirí gan mhaith agus maorlathaithe gan anam.

Bhuel, tá Lá ’le Pádraig thart. Cuirfear an Ghaeilge ar ais sa tarraiceán go ceann bliana eile. Ach má théimid ar aghaidh mar atá muid, rachaimid chuig an chófra lá éigin, agus ní bheidh rud ar bith ann.

www.derryjournal.com