Méid an Téacs

Halla lán do Bhuntaiste Breise na Gaeilge

Márta 11, 2014

D’fhreastal na sluaite ar an seimineár fostaíochta do mhicléinn iarbhunscoile ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ a tionóladh ins an Óstán Seven Oaks, Ceatharlach le déanaí.

Thángadar ó na scoileanna áitiúla Acadamh Naomh Mhuire, Gairmscoil Cheatharlach, Coláiste an Chnoic Bhig agus Gaelcholáiste Cheatharlach chomh maith le Scoil Airgeal Bhaile Éil i gCo. Chill Chainnigh agus ó Choláiste Bhríde i gCo. Chill Mhantáin. Cé go raibh an halla lán go béal thug na daoine óga cluas le héisteachta do na haoichainteoirí agus iad ag labhairt leo faoin mbuntáiste breise a thugann an Ghaeilge dóibh féin ina saoil pearsanta agus a ngairmeacha beatha.

Brighid Ní Ghríofa as Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a d’eagraigh an seimineár mar chuid de shraith an-rathúil fud fad na tíre agus bhí Kevin de Barra, Uachtarán na Comhdhála ina fhear a tí éifeachtach agus spreagúil. B’iad na haoichainteoirí a bhí i láthair ar an lá ná an t-aisteoir aitheanta Barry Barnes, Emma Uí Bhroin a labhair faoin obair a dhéanann sí mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le Glór Cheatharlach, an t-abhcóide Cynthia Ní Mhurchú a rinne cur síos ar a post féin chomh maith leis an tréimhse a chaith sí mar láithreoir teilifíse agus Liam Ó Néill, Uachtarán CLG a thug léargas ar an tábhacht atá leis an nGaeilge mar aon le súil siar ar a shaol mar phríomhoide scoile. Tar éis na n-oráidí fíor spéisiúil uile bhí seisiún breá bríomhar nuair a fuair na mic léinn an deis deis chun ceisteanna a chur ar bhaill an phainéil. Agus bhí roinnt duaiseanna le buachaint chomh maith.

I láthair freisin bhí ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge atá ann dóibh. Ócáid álainn a bhí ann agus bhain idir dhaltaí agus múinteoirí, aoíchainteoirí agus lucht eagraithe taitneamh agus tairbhe as an seimineár.

www.carlow-nationalist.ie