Méid an Téacs

Ísliú stádais i ndán don Ghaeilge san Ardteist?

Eanáir 21, 2011

Tá Conradh na Gaeilge i bpáirt le Guth na Gaeltachta ag eagrú cruinnithe práinne maidir leis an nGaeilge a bheith mar phríomhábhar don Ardteist agus an baol atá ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hArdteiste i ndiaidh olltoghchán 2011.

Tá cuirí curtha chuig na páirtithe leasmhara (eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, eagraíochtaí Gaeltachta) don chruinniú seo. Beidh an cruinniú ar siúl inniu, Dé hAoine 21 eanáir 2011, ag 14.00 san Óstán Menlo Park, Bóthar Áth Cinn, Gaillimh.

Eiseofar ráiteas i ndiaidh an chruinnithe. Deir urlabhraí ó Chonradh na Gaeilge go bhfuil an t-ábhar seo “ríthábhachtach”. “Tá gá le tacaíocht na bpáirtithe polaitiúla ar fad a fháil le seasamh leis an nGaeilge mar phríomhábhar,” ar siad.

Cruinniú ar cuireadh a bheidh ann inniu ach beidh cruinnithe poiblí eagraithe amach anseo le deis a thabhairt don phobal tacaíocht a léiriú don fheachtas seo.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
21 Eanáir 2011