Méid an Téacs

‘Lagmhisneach’

Iúil 18, 2012

NÍ RAIBH an oiread lagmhisnigh agus easpa muiníne riamh i measc cheannairí na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta is atá anois, dar leis an gCoimisinéir Teanga, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin go raibh a lorg fágtha ar na heagrais teanga lasmuigh den Ghaeltacht ag an gcath fada achrannach a chuireadar suas i gcoinne an chórais nua mhaoinithe a bhí molta ag Foras na Gaeilge don earnáil teanga.

Ag labhairt dó i gCeatharlach Dé hAoine, dúirt sé go raibh na heagrais “spíonta, tuirseach agus tromchroíoch” tar éis dóibh a bheith “sáite le blianta” i “ndíospóireacht gan tairbhe faoi shamhail nua mhaoinithe gan mhaith, gan toradh”.

Bhí am agus fuinneamh na n-eagras “suaite ag an mhóriarracht seo agus an fócas iomlán air sin seachas ar an obair ar cheart agus ar mhaith leo a bheith ina bun”.

Dúirt sé chomh maith go raibh imní fós ar na heagrais cé gur fhógair Foras na Gaeilge le déanaí go raibh an córas a bhí molta le caitheamh i dtraipisí.

Faoin gcóras conspóideach sin bheadh ar eagraíochtaí dul in iomaíocht le chéile chun maoiniú a fháil chun seirbhísí ar leith a sholáthar.

An tseachtain seo caite d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh sainchomhairleoir á lorg arís acu le “cás gnó” agus moladh a dhéanamh maidir le córas nua maoinithe.

Dúirt Ó Cuirreáin go raibh na heagrais buartha go raibh an t-eagras “ag dul ar lorg samhail úrnua mhaoinithe (marc 2) agus gan aon dóchas acu go mbeidh toradh níos fearr ar an bpróiseas sin ná mar a bhí ar an gcéanna atá caite ar leataobh anois”.

Thug Ó Cuirreáin le fios go raibh lagmhisneach i measc na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta go ginearálta de bharr easpa ghnímh an Stáit i leith na teanga: “Má deir tú leo misneach a bheith acu, go bhfuil straitéis 20 bliain anois ann, cuirfear ceist ort céard iad na céimeanna dearfacha, praiticiúla chun leas na teanga atá tógtha agus curtha i bhfeidhm ó foilsíodh an straitéis sin nó de thoradh na straitéise sin?”

Dúirt sé go raibh comharthaí dearfacha ann maidir le húsáid na teanga, ina measc na figiúirí daonáirimh is déanaí a thug le fios go raibh méadú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge go náisiúnta agus sa Ghaeltacht.

Bhí sé rí-thábhachtach, a dúirt sé “nach ngéillfeadh muide ar cás linn an teanga ársa seo ach go mbeadh misneach, muinín agus dóchas againne ar fad”.

Bhí Seán Ó Cuirreáin ag caint Dé hAoine seo caite ag ag seoladh Scoil Samhraidh “An Mheitheal Straitéise, Taighde agus Tionscnamh” i gCeatharlach.

www.irishtimes.com