Méid an Téacs

Líomhaintí faoi ‘éilíteachas’ Gaelscoileanna ‘bréagnaithe’ ag figiúirí

Feabhra 16, 2017

Tá 74 scoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta aitheanta anois mar scoileanna DEIS, cruthúnas, dar le Gaeloideachas, go gcuireann na scoileanna sin fáilte roimh chách

Dar leis an eagraíocht Gaeloideachas go gcuireann cinntí na Roinne Oideachais maidir le scoileanna faoi mhíbhuntáiste “deireadh leis an argóint gur scoileanna éilíteacha iad scoileanna lán Ghaeilge”.

Thug an eagraíocht le fios go bhfuil 74 scoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta aitheanta anois mar scoileanna DEIS, rud a fhágann go bhfuil tromlach na ndaltaí faoi míbhuntáiste oideachasúil i scoil amháin as gach cúig scoil lán-Ghaeilge.

Is minic é curtha i leith scoileanna lán-Ghaeilge ag colúnaithe nuachtán agus dreamanna eile nach mbaineann na scoileanna sin ach le daoine atá go maith as.

I gcolún nuachtáin a foilsíodh an mhí seo caite, mar shampla, mhaígh an colúnaí de chuid an Sunday Independent, Sarah Carey, go raibh cur chuige ‘segregationist’ ag Gaelscoileanna.

Dúirt Carey freisin gur mheabhraigh dearcadh tuismitheoirí Gaelscoileanna síochánaithe nach raibh sásta troid in aghaidh na Naitsíoch.

Dar le Yvonne Ní Mhurchú, Uachtarán Gaeloideachas, go mbréagnaíonn an t-eolas faoi scoileanna DEIS na líomhaintí maidir le héilíteachas.

“Tá sé in am go n-aithneodh daoine go bhfuil réimse leathan scoileanna ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Tá scoileanna againn i gceantracha faoi mhíbhuntáiste i gcathracha, bailte móra agus faoin dtuath i ngach cuid den tír.”

Dúirt Uachtarán Gaeloideachas go raibh “an fhianaise soiléir” agus go gcaithfí anois “cothrom na féinne” a thabhairt do scoileanna lán-Ghaeilge sa phlé atá ar siúl faoi láthair maidir leis an reachtaíocht nua atá á beartú i dtaobh polasaí iontrála scoileanna.

Dúirt Yvonne Ní Mhurchú go bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta eile ann “atá an-mhí-shásta nach bhfuair siad aitheantas mar scoileanna DEIS, Scoil Rann na Feirste in Dún nan Gall ina measc.

Dúirt Pól Ó Ruiséal, Príomhoide Scoil Rann na Feirste, go raibh “iontas” agus “díomá” air nár tugadh stádas DEIS don scoil. 

“Níl slat tomhais chothrom á húsáid ag an Roinn Oideachais agus iad ag roghnú scoltacha don Scéim. Táthar ag tabhairt droim lámha le scoltacha atá ag teagasc tré mheán na Gaeilge”.

Tá “imní” ar Ó Ruiséal, a dúirt sé, nach gcuirfidh tuismitheoirí a bpáistí chuig scoileanna nach bhfuil stádas DEIS acu.

D’fhéadfadh “impleachtaí tromchúiseacha” a bheith ag a leithéid don oideachas lán-Ghaeilge amach anseo, a dúirt Ó Ruiséal.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, go gcuireann scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta “fáilte roimh pháistí agus daoine óga ó gach cineál cúlra teanga, cultúir agus socheacnamaíochta”. Bhí sé riachtanach, a dúirt sí, go mbeadh “buntáiste breise an oideachais lán-Ghaeilge” ar fáil do ghasúir atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil.

http://tuairisc.ie/liomhainti-faoi-eiliteachas-gaelscoileanna-breagnaithe-ag-figiuiri/