Méid an Téacs

Méadú 60.8% ar an Ghaelscolaíocht

Eanáir 25, 2012

Léirigh figiúirí a thug John O’Dowd, Aire Oideachais an Tuaiscirt, sa Tionól an fás atá ar an Ghaeloideachas le deich mbliana anuas.

Thar an tréimhse tá méadú 54.2% ar líon na bpáistí atá ag fáil bunscolaíochta trí Ghaeilge ó thuaidh.

Bhí 1,421 i rang a trí sa scoilbhliain 2001/2.  Ba 2,191 a bhí ag an chéim chéanna in 2011/2.

Níl an líon céanna páistí ag gabháil don mheánscolaíocht Ghaeilge.  Mar sin féin, tá méadú 60.8% air sin.

Bhí 342 páiste ag fáil meánoideachais trí Ghaeilge in 2001/2.  Is 550 atá i gceist don scoilbhliain reatha.

Thug O’Dowd an t-eolas i bhfreagra ar cheist ón gComhalta den Tionól Reachta Daithí McKay.

Dúirt Mícheál Ó Duibh, príomh-fheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, gur léirigh na figiúirí an t-éileamh ar an Ghaelscolaíocht.

“Sílim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí forbairt ar an iar-bhunscolaíocht Ghaeilge.  Más ann don éileamh, tá an dúshlán sin romhainn.”

GAELSCÉAL