Méid an Téacs

Moladh le CCEA – leabhair iontacha

Meitheamh 4, 2013

Tá séasúr na scrúduithe ann arís.
Beidh díomá ar dhaltaí áirithe agus beidh áthas ar dhaltaí eile. Beidh imní an tsaoil ar thuismitheoirí. Beidh a lán gearán ann gan amhras. B’fhéidir go mbeidh níos mó gearán ann i mbliana toisc go gceartófar scrúduithe áirithe ar líne agus is cinnte go mbeidh fadhbanna ghearradh fiacal ann.

Ach tá níos mó in obair an Bhord Scrúduithe sa Tuaisceart (CCEA) ná ullmhúchán agus ceartúchán scrúduithe. Foilsíonn sé treoracha do mhúinteoirí agus do dhaltaí maidir le scrúduithe, ach chomh maith leis sin cuireann sé amach ábhair bhreise a chuireann le stór focal an dalta ar bhealach cruithaitheach. D’fhoilsigh sé dhá aistriúchán ar na mallaibh – ‘Anne Frank, Dialann Cailín Óig’ agus ‘An gasúr a chaith pitseamaí stríocacha’. Rinne Pádraig de Bléine an dá aistriúchán go Gaeilge ghlan bhlasta. Tá sraith de bheathaisnéisí foilsithe ag an Bhord chomh maith- ábhar léitheoireachta do dhéagóirí atá de dhíth. Agus tá CCEA i ndiaidh sé leabhrán faoi bheatha Cholm Cille a chur amach i gcomhoibriú leis an Nerve Centre i nDoire. Leabhair bheaga an-tarraingteacha atá iontu. Tá na pictiúir ar fheabhas. Insítear na scéalta i nGaeilge shimplí bheomhar agus tá an stíl thar a bheith greannmhar.Má thiontaíonn tú na leabhráin bunoscionn, faigheann tú an leagan Béarla.

Is polasaí fadcheannach é seo. Tá riachtanais na ndaltaí Gaeilge difriúil leis na riachtanais atá ag daltaí a dhéanann teangacha eile. An chéad chéim in athsheilbh na teanga atá sa GCSE. Mar sin de, is cóir cur leis an bhunGhaeilge atá de dhíth don scrúdú. Is ullmhúchán iontach é do AS agus A Leibhéal an t-ábhar breise seo. Tá pobal léitheoireachta níos leithne tuillte ag na leabhair seo. Bheadh suim iontu ag daltaí ar fud an oileáin agus ag daoine fásta gach uile áit. An dtiocfadh leis an Bhord socrú a dhéanamh le foilsitheoir?

www.derryjournal.co.uk