Méid an Téacs

Molann Doherty do McGinley ‘cúlú ón bhuille’

Deireadh Fómhair 30, 2013

Cháin an Teachta Dála, Pearse Doherty (SF), cinneadh Roinn na Gaeltachta deireadh a chur le maoiniú Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i ndiaidh na Nollag.

D’iarr sé ar Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, “cúlú” ón chinneadh; “buille” do chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht a bhí sa socrú, a dúirt Doherty, agus “cur chuige mífhoighneach gearr-radharcach”.
Bhí “imní” ar phobal na Gaeltachta go raibh an t-eagras le scor agus níorbh ionann oideachas trí mheán na Gaeilge agus oideachas sa Ghaeltacht, a dúirt Doherty. Bhí eagla air go gcaillfí taithí agus saineolas dá leanfaí de scor na heagraíochta.

www.irishtimes.com