Méid an Téacs

‘Oidhreacht an Rialtais i leith na Gaeilge: easpa físe, easpa tacaíochta, easpa ceannaireachta agus easpa maoirseachta’ – Ó Snodaigh

Samhain 27, 2015

Is “masla amach is amach” é an scéal nach bhfuil scéim teanga aontaithe ag Córas Iompair Éireann, dar leis an Teachta Dála, Aengus Ó Snodaigh (SF).

Cháin an Teachta Dála an Rialtas go láidir inniu maidir lena gcur chuige i leith na Gaeilge agus a “dteip” maidir le cur i bhfeidhm Acht na Teangacha Oifigiúla 2003.

Chuir Ó Snodaigh ceist sa Dáil Dé Máirt ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta liosta a chur ar fáil de na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth an Achta nach bhfuil scéim teanga aontaithe ag an Roinn go fóill. Tá tuairim is 400 comhlacht poiblí le háireamh faoi scáth an Achta i láthair na huaire.

Thug an tAire Stáit Joe McHugh le fios ina fhreagra ar an gceist go raibh 107 scéim teanga i bhfeidhm a chlúdaíonn 115 comhlacht poiblí san iomlán. Dúirt sé freisin go bhfuil plé ar siúl le 129 comhlacht poiblí eile chun scéimeanna teanga a aontú leo.

“Tháinig sé chun solais ón bhfreagra a fuair mé ón Aire Stáit nach bhfuil Córas Iompair Éireann, Iarnród Éireann, Bus Éireann agus Bus Átha Cliath san áireamh, ag comhlíonadh a ndualgas maidir leis an nGaeilge.

“Masla amach is amach is ea an scéal seo a léiríonn go soiléir an drochmheas atá ag an Rialtas seo ar Shaoránaigh na hÉireann a dteastaíonn uathu maireachtáil trí Ghaeilge,” a dúirt Ó Snodaigh inniu.

Dúirt sé go raibh sé suntasach nach bhfuil ach 115 comhlacht a bhfuil scéim teanga curtha i bhfeidhm acu dhá bhliain déag i ndiaidh achtú na reachtaíochta.

“Sin thart ar 70% de na comhlachtaí poiblí nach bhfuil ag feidhmiú de réir an Achta, 2003. Is í oidhreacht an Rialtais reatha i leith na Gaeilge ná easpa físe, easpa tacaíochta, easpa ceannaireachta agus easpa maoirseachta. Tá níos fearr ná sin tuillte ag muintir na hÉireann agus ag ár dteanga ársa,” a dúirt sé.