Méid an Téacs

Ray Mac Mánais, Oideachasóir agus Oirfideach

Deireadh Fómhair 19, 2011

Fear ildánach gan aon agó é Ray Mac Mánais Feirsteach. Aithne mhaith ag lucht freastail imeachtaí cultúrtha na Gaeilge air féin agus ar a chomrádaí i ndeisbhéalaíocht, Joe Lena Ó Dónaill. Iliomad duaiseanna agus gradam bainte acu dá gcuid cumadóireachta d’agallaimh bheirte agus lúibíní gan trácht ar an ngliondar curtha acu ar dhaoine ó cheann ceann thír Éigse na Gaeilge. Tá fosta a cháil féin ar Ray mar oideachasóir agus é ina phríomhoide ar Ghaelscoil Míde na hardchathrach. Fear é a chruthaigh a dhintiúir mar eagraí agus foirgneamh breá athchóirithe na scoile á aimsiú ag Coiste na dTuismitheoirí tar éis dóibh tús na scoile a fhréamhú i seanfhoirgneamh Halla an Bhaile i mBaile Dúill. Tá anois scoil den scoth acu i gceantar an Ghleanntáin Ghlais, i gCill Bharróg, le háiseanna cuí don 236 dalta atá ar an rolla agus don fhoireann aon mhúinteoir déag. Faoi láthair tá Ray ag díriú cuid dá éirime agus tallainne ar chruthú nuachúrsa Gaeilge d’ábhar múinteoirí.

Anois chun cleite eile a chur ina chaipín neamhghnách bhí ina oide Gaeilge ag Máire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, ó chéadtoghadh í tá ceithre bliana deag ó shin. Fillfimid chun léargas a thabhairt ar na réimsí suime agus taithí saoil seo ar ball.

Is i mBéal Feirste a rugadh agus a tógadh Ray. Chan le Gaeilge ón chliabhán ach go raibh an teanga bheo i gclann ghaolta ar thaobh a mháthar de. Ní raibh an teanga ar churaclam scoile na Croise Naofa in Ard Eoin ach chuir seanfhondúir, Arthur McGuinness, ranganna Gaeilge ar fáil tar éis am scoile. Thart faoin choirnéal, d’fhéadfá a rá, bhí clann na girsí a bheadh ar ball ina hUachtarán na hÉireann! Agus é ag freastal ar mheánscoil na mBráithre ar Bhóthar a’Ghleanna bhí se tugtha don pheil agus don iomáint, don cheol agus don Ghaeilge. An fheadóg agus an pianó á seinm aige. Beirt mhúinteoirí anseo, An Br. Aidan Quinlan agus an Br. Beausang a spreag é chun drámaí a scríobh do chomórtais an Chumainn Scoldrámaíochta. Ba seo a chéadchothaigh féith na scríbhneoireachta sa stócach óg.

D’fhreastail ar Choláiste Traenála na mBráithre i Muirinne agus tháinig faoi anáil na mBráithre Ó Nuallain agus Ó Cinnsealbha ann. Chaith 3 bliana ag teagasc i ‘mBrunner’ agus ar ball 7 mbliana i Scoil Lorcáin Chill Bharróg. Bhí freastal ar pháistí faoi mhíchumas i gceist anseo in dhá rang agus ghlac sé bliain saor ón teagasc i lar na tréimhse sin go ndearna cúrsa in oiliúint a leithéidí. Saibhriú ina shaol ab ea é seo agus eolaithe ar gach réimse d’fhadhbanna leanaí i gcomhar sa saothar oiliúna. Thuill stiúrthóir an chúrsa seo, Páid McGee, a ardmheas.

An t-aon easnamh a bhí ina shaol ab ea beotheagmháil leis an Ghaeilge. De sheans chonaic fógra san Evening Herald go raibh príomhoide á lorg ag Gaelscoil úrnua ar thuaisceart na cathrach. Chun scéal gasta a dhéanamh de chuir iarratas isteach chuige seo gur ceapadh é ina phríomhoide ar Ghaelscoil Míde sa bhliain 1983 tar éis dó dul faoi agallamh ag Liam Bairéid, Pádraicín Ní Mhaoileoin agus Michéal Ó Fathaigh – triúr fathach go deimhin i gcúrsaí oideachais Gaeilge. Beirt mhúinteoirí eile ar an fhoireann gur mhéadaigh a líon seo ó bhliain go bliain agus go dtáinig ar bord ina measc Joe Ó Dónaill. D’fhás nasc na cruthaíochta agus an charadais eatarthu gur saolaíodh raidhse des na hagallaimh bheirte agus lúibíní a bhí le clú speisialta a thuilleadh dóibh ar ball. Táid beirt ina bhaill d’Aisteoirí Bulfin fosta agus feidhmíonn Ray mar chumadóir agus mar thionlacaí dá gceoldrámaí siúd. Tháinig Gearóid de Mórdha i gcomhar leo gur buan ball de chriú cultúrtha seo Bulfin é ó shoin.

Ní gá a rá ach go bhfuil Gaelscoil Míde féin lán de cheol, idir uirlise, amhránaíochta agus córach.

Chum Ray agus Joe a gcéad agallamh beirte do Chomórtas an Oireachtais sa Daingean sa bhliain 1988 nuair a thug Joe Steve agus Máirín Ó Neachtain an chraobh leo. B’oscailt chluas agus spreagadh meanma do Ray agus Joe scileanna cumadóireachta na gConamarach seo. An bhliain dar gcionn bhi beirt ghaiscíoch Bhulfin sa dara háit sa chomórtas céanna ag Oireachtas Dhún Laoire agus ó shin is mó céad duais atá tógtha abhaile faoina n-ascaill acu. Bhain Ray féin go leor gradam dá amhráin nuachumtha. Bronnadh Gradaim Aitheantais Speisialta an Oireachtais orthu beirt de bharr fheabhas na n-agallamh beirte agus na lúibíní atá cruthaithe acu. Ní beag san!
Ré Ray san Áras

Is le linn an toghcháin d’Uachtarántacht na tíre sa bhliain 1997 a tháinig na hiarrthóirí uile, ar cuireadh an Chathaoirligh, Mícheál Ó Muircheartaigh agus an Phríomhfheidhmeannaigh, Mícheál Ó Gruagáin, ar cuairt chuig ceannáras Bhord na Gaeilge. Gealladh gach tacaíocht ón Bhord chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú don té a cheapfaí ina Uachtarán. Go luath tar éis di bheith ceaptha tháinig glaoch ó Áras an Uachtaráin ag cur in iúl go raibh an tacaíocht sin de dhíth ar Mháire Mhic Giolla Íosa. Tugadh cuireadh do Ray an ‘folúntas’ a líonadh agus tar éis dó dianmhachnamh soicind go leith a dhéanamh bhí sé ceaptha agus seolta ar bhóthar a cuireadh casadh neamhghnách ina shaol. Mhair a chéad chruinniú leis an Uachtarán dhá uair a’ chloig gur roinneadar cuimhní ar dhaoine, ar imeachtaí agus ar go leor leor eile dár bhain lena saol in Ard Eoin! I mBéarla a bhí an comhrá seo uile ach tar éis naoi mí ba í an Ghaeilge, beagán malltriallach, a bhí mar ghléas comhrá eatarthu beirt. Déanann Ray iontas dá cumas agus dá dúthracht chun an chéad smacht sin agus an feabhas leanúnach go líofacht a lean seo a bhaint amach. Dhoimhnigh suim an Uachtaráin sa teanga agus i gcultúr na Gaeilge gur chinn sí freastal ar chúrsaí leanúnacha Gaeilge mar chuid dá saoirí bliantúla. Tá anois ceithre bliana déag caite ag Máire Mhic Giolla Íosa ar chúrsaí Oideas Gael i nGleann Cholmcille agus i mBaile na Finne. Is mó duine a d’fhreastail ar na cúrsaí sin a bhain taitneamh as comhluadar réchúiseach Uachtarán na hÉireann.

Nuair a roghnaigh an bhean uasal go scríobhfaí a beathaisnéis údaraithe i nGaeilge ar dtús, is ar Ray a bhronn sí an dualgas é a scríobh. Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh é sa bhliain 2003. Bliain go leith ina dhiaidh sin a chuir Ray an leagan Béarla den scéal eachtrach ar fáil i mBéarla nuair a d’fhoilsigh Brandon ‘The Road From Ardoyne’.

D’fhás cairdeas buan idir Ray agus Jenny (fillfimid ar Jenny ar ball) agus Máire agus Máirtín Mac Giolla Íosa. Tá feabhas beag tagtha ar chumas gailf Ray de bharr na hoiliúna atá faighte aige ó Mháirtín agus feabhas nach beag é ar chumas Gaeilge Mháirtín de bharr na hoiliúna faighte aige ó Ray! Tuigtear do Ray gur duine as an ghnáth ar fad í Máire Mhic Giolla Íosa – í ildánach agus le cumas chun príorachtaí a leagadh amach di féin agus iad a bhaint amach. Léirigh sí chomh maith féin crógacht ina saothrú seo. “Níl,” a deir sé, “teorann lena cumais”.

Tar éis di sos a ghlacadh beidh an saoránach Máire Mhic Giolla Íosa ag déanamh dianstaidéir ar Dhlí Canónach na hEaglaise. Is spéis léi go háirithe a creideamh Caitliceach agus na dúshláin mhóra atá roimhe sa lá inniu. Beidh sí, dá bharr san, ag caitheamh sealanna staidéir in Ollscoil Ghreagóireach na Róimhe. Ní bheidh sí, bí cinnte, díomhaoin.

Ceol a thóg Jenny Hyland agus Ray Mac Manáis le chéile don chéad uair. Bhí Sean Creamer, saoi Chantairí Avondale, i bponc agus dordghuth in easnamh roimh don chór páirt a ghlacadh sa chomórtas Pan-Ceilt i gCill Airne sa bhliain 1974. Thoiligh Ray an ghuthbhearna a líonadh. Ansan iarradh air cúram breise a ghlacadh air féin mar go raibh ball den chór á bhodhrú ag an té a bhí ina shuí taobh léi sa bhus. An mbeadh Ray sásta suí taobh leis an bhean óg folt-órgach tar éis an chéad bhriseadh san aistear. Seans go ndearna sé leathshoicind de mhachnamh gur thoiligh! Shuigh isteach taobh le Jenny agus táid anois pósta le 33 bliana. Beirt clainne orthu – Aoife ina múinteoir i nGaelscoil Lios na nÓg, í lán de cheol agus seal caite aici ag saothrú ar mhaithe leo siúd a mhaireann ar éigin ar an imeall in Ghana. Tá Colm ag obair le Aergrid agus ceolann an giotár go hoilte. É tugtha don spórt fosta – an tonnmharcaíocht go háirithe. Saol teaghlaigh beo beathach gan dabht i dtigh Mhic Mhánais! Go maire sé féin agus Jenny na blianta fada go sona agus go beocheolmhar le chéile.

Spléachadh atá tugtha agam díobh anseo ar shaol Ray Mhic Mhánais. Is féidir blaiseadh beo dá chuid cumadóireachta a éisteacht agus é i ndianagallaimh le Joe nó Gearóid ach Ray Mac Mánais a Ghoogleáil.

 

Saol, Agallamh na Míosa