Méid an Téacs

Scrúdaithe TEG fógartha

Feabhra 27, 2014

Tá sé fógartha ag Ionad na dTeangacha OÉ Má Nuad go mbeidh scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) á reáchtáil in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus thar lear i Nua Eabhrac, Páras agus Ottawa.

Tugann na scrúduithe dearbhú maidir leis an leibhéal Gaeilge atá ag úsáideoirí Gaeilge, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa, agus ligeann dóibh dul chun cinn a dhéanamh dá réir. Tá na scrúduithe seo in úsáid ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Garda Síochána, Forbairt Naíonraí Teoranta, Coimisiún Fulbright agus eagraíochtaí eile nach iad. Is féidir páirtchreidiúint TEG a bhaint amach agus an scrúdú cainte amháin a dhéanamh ag gach leibhéal. Is buntáiste mór é seo don té atá ag iarraidh díriú ar na scileanna labhartha amháin. Beidh scrúduithe 2014 ar siúl i mí Aibreáin, Bealtaine agus Meitheamh. Is é an spriocdháta d’iarratais ná 14 Márta 2014 d’iarrthóirí fásta. Tá eolas iomlán le fáil ar www.teg.ie nó 01 708 3737.

www.advertiser.ie/galway