Seachtain na Gaeilge i gCeatharlach
Márta 5, 2013
Tá Mí an Mhárta buailte linn agus dá bhrí sin Seachtain na Gaeilge á cheiliúradh fud fad na tíre agus thar lear fiú.
Tá clár iontach lán le himeachtaí spleodracha oiriúnach do gach aoisghrúpa curtha le chéile ag Glór Cheatharlach don fhéile mar chuid de chomóradh Bhliain na Gaeilge 2013. Cuirfear tús le Seachtain na Gaeilge beo ar an stáisiún raidió áitiúil Kclr96fm le heagrán speisialta den chlár Tobar an Cheantair ar an gCéadaoin, 6ú Márta idir 7.00 agus 8.00i.n. Cuirfear fáilte roimh chách ag Gaeilge le Chéile i dteach tábhairne Reddys ar an Déardaoin, 7ú Márta ag 9.00i.n. Seolfar clár na Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach maidin Dé hAoine, 8ú Márta ag 11.00r.n.in Ostán Seven Oaks agus is liosta le háireamh atá le nochtadh.
Tá rogha leathan d’imeachtaí oiriúnach do pháistí bunscoile ar chlár na Seachtaine ina measc féile drámaíochta do bhunscoileanna nuair a léireoidh na páistí óga a ndrámaí ar stáitse na hamharclainne G.B. Shaw ar an Mháirt, 12ú Márta. Beidh ócáid san amharclann do dhaltaí iarbhunscoile chomh maith nuair a thaispeánfar an scannán Scéal na Gaeilge. Is scannán den scoth é seo eisithe ag Comhlacht Rosg agus a léiríodh ar TG4 anuraidh. Tugann an scannán léargas iomlán ar stair na tíre agus scéal na Gaeilge ó tugadh go hÉirinn ar dtús í go dtí an lá atá inniu ann. Is fiú go mór an scannán a fheiceail ar an Déardaoin, 14ú Márta ach ní foláir do mhúinteoirí áiteanna dá gcuid ranganna féin a chur in áirithe gan mhoill.
Tréigfidh daltaí na Gaelscoile a gcuid seomraí ranga ar an Aoine, 15ú Márta agus tabharfaidh siad aghaidh ar chlós na scoile le haghaidh Céilí Faoin Aer. Nach iontach an radharc a bheidh ann agus 500 páiste ag gabháil de Bhallaí Luimní agus Ionsaí na hInse faoi stiúir a múinteoirí. Ar ndóigh is é Lá Le Pádraig an fhéile mhór agus ní bheidh aon easpa imeachtaí ceiliúrtha i gCeatharlach ar an lá. Beannófar an tseamróg ag Aifreann as Gaeilge ag 11.00r.n. ins an Ardeaglais agus cuirfear tús le Mórshiúl na Féile ag 3.30i.n. Beidh Céilí Mór an oíche sin i gClub Iomána Bhaile Cheatharlach ag tosnú ag 9.00. Is é an rún atá ag Seachtain na Gaeilge ná deiseanna a chruthú d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa agus don phobal i gcoitinn chun an Ghaeilge a labhairt agus cuirfear míle fáilte roimh gach aon duine chuig na himeachtaí agus na hócáidí éagsúla a bheidh ar siúl i gCeatharlach i rith an ama. Iarrtar ar chuile dhuine idir óg agus fásta iarracht an-speisialta a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt i rith na Seachtaine agus spraoi a bhaint as an cúpla focal a usáid i siopaí, scoileanna, san áit oibre, ar na sráideanna agus ar ndóigh i mbun siamsaíochta dóibh. Tugtar cuireadh do gach éinne a bheith páirteach agus taitneamh a bhaint as an bhFéile Ghaelach.
Gach eolas faoi Sheachtain na Gaeilge ar fáil ó Glór Cheatharlach ar 059 9158105 nó 087 2857048.
www.carlow-nationalist.ie