Méid an Téacs

Seimineár ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ i gCeatharlach

Feabhra 11, 2014

Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach go mbeidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag eagrú seimineáir i gCeatharlach dar teideal ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’.

Seo seimineár fostaíochta dhátheangach do dhaltaí sa cheathrú, cúigiú agus séú bliain in iar-bhunscoileanna an cheantair. Is ins an Óstán Seven Oaks, Ceatharlach a bheidh an ócáid seo á reáchtáil ar an Déardaoin, 27ú Feabhra 2014. Ar an lá labhróidh painéal d’aoichainteoirí ó earnálacha éagsúla faoin mbuntáiste breise a thug an Ghaeilge dóibh agus iad i mbun a ngairmeacha beatha. Beidh cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil agus spleodrach. Is cinnte go rachaidh an painéal iontach cumasach go mór i bhfeidhm ar na daltaí scoile a bheidh i láthair.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid seo beidh an t-aisteoir aitheanta Barry Barnes as Loch Garman ó dhúchas. Bheadh aithne níos fearr ag daoine air mar athair Aifric sa sobalchlár ‘Aifric’ ar TG4. Anuas ar sin ghlac sé páirteanna i Ros na Rún, Fair City, na scannáin Veronica Guerin, Michael Collins, Kings mar aon le go leor eile. Labhróidh Emma Uí Bhroin, atá ag obair mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le Glór Cheatharlach, ar a cuid oibre leis an bpobal i gCeatharlach agus na tionscadail ar fad a bhíonn á reachtáil aici chun úsáid na Gaeilge a neartú i measc an phobail ar an mbaile.

Déanfaidh an t-abhcóide Cynthia Ní Mhurchú as Ceatharlach cur síos ar a post féin agus freisin tabharfaidh sí léargas iontach ar an seal a chaith sí mar láithreoir teilifíse le RTÉ. Anuas ar seo tabharfaidh Liam Ó Néill, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael fear de bhunús Co. Laoise léargas ar an tábhacht atá leis an nGaeilge i dtaobh an CLG mar aon le súil siar ar a thréimhse mar phríomhoide scoile. Beidh ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair ag an seimineár chomh maith, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge atá ann dóibh.

Tá eolas ar an seimineár á dháileadh ar iar-bhunscoileanna an cheantair i láthair na huaire. Níl aon táille le n-íoc ach iarrtar ar mhúinteoirí a ranganna a chlárú gan mhoill. Is féidir breis eolais faoin seimineár a fháil ar www.gaelport.com , glaoch a chur ar Bhrighid ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag 01 679 4780 nó r-phost a chur chuig brighid@comhdhail.ie . Sonraí freisin ó Ghlór Cheatharlach ar 059 9158105 nó 085 1340047.

Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach