Méid an Téacs

Seimineár Taighde ar an Ghaeloideachas

Eanáir 28, 2011

Tháinig saineolaithe agus ceannairí eagraíochtaí gaeloideachas agus an pobal araon le chéile ar 17 Eanáir ag Óstán an Clarion Aerfort Átha Cliath chun gnéithe éagsúla de thaighde oideachais a phlé.

Is é an Coiste Seasta ar an nGaeloideachas a d’eagraigh an seimineár taighde leis an aidhm eolas a scaipeadh ar an bpobal maidir le taighde atá curtha i gcrích i dtaobh réimsí difriúla a bhaineann le cúrsaí oideachais ar fud an oileáin.
 
Bhí ceithre sheisiún ann a dhírigh ar ábhar lena n-áirítear; Conas a chabhraíonn forbairt físeáin le tuistí as Gaelscoil Gaeilge a labhairt; Sealbhú na Gaeilge agus cruthú pobail labhartha na teanga tríd chur chuige teagascach an Lernen Durch Lehren; Anailís ar Ghaeilge labhartha na bpáistí i Rang a Seacht i scoileanna lánGhaeilge i dTuaisceart Éireann  agus I dtreo Oideachais Idirchultúrtha? Taighde Feidhmeach i nGaelscoil.
 
Tugadh deis do dhaoine a d’fhreastail ar an seimineár na hábhair thaighde a phlé agus ceisteanna a ardú leis na taighdeoirí.
 
Agus é ag caint ag an seiminéar taighde, deir Cathaoirleach an Choiste Seasta Seán Ó Coinn,
“Ar na saolta deireanacha seo aithnítear go bhfuil sé an-tábhachtach cleachtas an oideachais a bheith bunaithe ar fhianaise ón taighde. Nuair atá taighde curtha i gcrích, tá sé ríthábhachtach go scaipfear eolas ina leith agus go mbíonn deis ag cleachtóirí a gcleachtas a choigeartú leis sin a chur in oiriúint d’fhionnachtana an taighde.’
 
Is de gheall ar chaidrimh ghníomhacha a chothú idir na heagraíochtaí uile a bhfuil baint acu leis an ngaeloideachas ar fud na hÉireann a bunaíodh an Coiste Seasta ar an Ghaeloideachas.
 
Pléann an Coiste gnéithe éagsúla den ngaeloideachas d’fhonn teacht ar bhealaí ar féidir bheith ag comhoibriú le chéile.
 
Tá ionadaithe ó raon leathan d’eagraíochtaí Gaelscolaíochta Thuaidh agus Theas araon ar an gCoiste agus tugadh cuireadh don dá ranna rialtais atá freagrach as oideachas sa dá dhlínse a bheith i láthair.