Siollabas nua don tríú bliain ollscoile le seoladh inniu
Feabhra 6, 2012
Tá i gceist ag siollabas nua ‘féinfheasacht, feasacht teanga agus feasacht chultúrtha’ a spreagadh agus a fhorbairt i measc scoláirí atá ag staidéar na Gaeilge sa tríú bliain ollscoile.
Seolfar an siollabas nua inniu i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach agus is é an tríú siollabas atá deartha ag an ngrúpa comhairleach, An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal.
Is iad an Dr Máirín Nic Eoin ó Choláiste Phádraig agus an Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh atá ina chomhstiúrthóirí ar an tionscadal. Tá sé bunaithe ar shlat tomhais idirnáisiúnta, an Fráma Tagartha Chomhairle na hEorpa d’Fhoghlaim Teangacha.
“Is siollabas comhtháite é agus tá na scileanna teanga go léir i gceist”, dar leis an Dr Máirín Nic Eoin, comhstiúrthóir an tionscadail.
Tugtar san áireamh sa siollabas riachtanais éagsúla agus cumas teanga na mac léinn chomh maith leis na téamaí, scileanna teanga agus torthaí foghlamtha a bheidh i gceist sa siollabas úr.
Tá an siollabas don chéad bhliain agus don dara bliain ar fáil chomh maith leis an siollabas úr don tríú bliain ar http://www.teagascnagaeilge.ie/.
GAELPORT