Méid an Téacs

Siúl ar son do chearta

Feabhra 6, 2014

Beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar ais ar na sráideanna ar Dé Sathairn 15 Feabhra mar chuid d’fheachtas cearta atá bunaithe mar thoradh ar an ngéarchéim a cruthaíodh nuair a d’fhógair An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go mbeadh sé ag éirí as oifig de bharr na heaspa éisteachta atá faighte aige ón Rialtas.

Cuirfear tús leis an mórshiúl Lá Mór na Gaeilge – Siúl ar son do Chearta ag 2.00i.n. agus an slua ag fágáil Cearnóg Parnell ag 2.00i.n. agus iad ag tabhairt aghaidhe ar lár na cathrach. Beidh grúpaí i láthair ó fud fad na tíre, le busanna ag taisteal ó Chonamara, Gaillimh, Tír Chonaill, Liatroim, Corcaigh, Cill Dara, an Mhí agus Béal Feirste. Tá pobail eile freisin ag cur eagair orthu féin le bheith i láthair chun teachtaireacht a thabhairt don Rialtas agus don státchóras nach bhfuil siad sásta glacadh a thuilleadh leis an éagóir atá á dhéanamh ar chearta na teanga. Cuirfear críoch leis an mórshiúl le slogadh ollmhór, áit a ndéanfar ceiliúradh ar bheocht agus ar shaibhreas na Gaeilge le ceolchoirm ó Seo Linn agus baill den ghrúpa Kíla agus Na Firéin.

www.advertiser.ie