Méid an Téacs

Sonraí scoile de dhíth le Bratach Náisiúnta a seachadadh ar bhunscoileanna do comóradh 1916

Iúil 30, 2015

Beidh Comhordaitheoir Thionscadal 2016 ó d’Údarás Áitiúil i dteagmháil le Príomhoidí bunscoile idir mí Mheán Fómhair 2015 agus mí an Mhárta 2016. Beidh sé/sí i dteagmháil le hOifig Thionscadal d’Éire 2016 sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus le hÓglaigh na hÉireann chun socrú a dhéanamh maidir leis an mBratach Náisiúnta a bheidh á seachadadh ag Óglaigh na hÉireann chuig scoileanna, mar chuid d’Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.

Ba mhaith leis an Roinn Oideachais agus Scileanna a chinntiú go bhfuil na scoileanna uile ar an eolas faoi na dátaí le haghaidh na gcuairteanna, agus chun cuidiú le hÓglaigh na hÉireann agus iad ag pleanáil. Iarraimid ort an t-eolas faoi do scoil a sheiceáil, ar POD (Bunacher Sonraí Ar Líne do Bhunscoileanna) agus faoi ‘Aimsigh Scoil’ ar leathanach baile láithreán gréasáin na Roinne, agus a chur in iúl don Roinn láithreach má bhíonn aon athruithe le déanamh ar na nithe seo a leanas:

Uimhir theileafóin na scoile
Teagmháil ríomhphoist
Seoladh agus an láthair i.e. má athlonnaíodh áit na scoile ó mapáladh í an uair dheiridh.

Is féidir leat é seo a dhéanamh trí chliceáil ar ‘contact us’ faoi ‘Finding a School’, nó tríd an nasc: www.education.ie/en/Find-a-School/School-Contact-Form.html.