Méid an Téacs

Tuilleadh daltaí de dhíth!

Lúnasa 27, 2010

Mar gheall ar easpa éilimh, ní bheidh maoiniú stáit á fháil ach ag scoil amháin as na ceithre Ghaelscoil nua ó thuaidh a fuair aitheantas sealadach ó Chaitríona Ruane cúpla seachtain ó shin.

Fógraíodh le déanaí go bhfuair ceithre Ghaelscoil nua ó thuaidh aitheantas sealadach don scoilbhliain úr. Bunscoil na mBeann i gContae an Dúin, Gaelscoil Léim an Mhadaidh i gContae Dhoire, Gaelscoil an tSeanchaí i nDoire agus Gaelscoil Choin Rí Uladh i gContae Aontroma na scoileanna atá i gceist.

Deir Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta, go mbíonn deacrachtaí i gcónaí ag Gaelscoileanna a ndóthain daltaí a fháil agus iad ag tosú amach ar dtús.
“Caithfidh tuismitheoirí cinneadh an-mhór a dhéanamh maidir lena gcuid páistí a chur chuig scoil úrnua nó iad a chur chuig scoileanna atá bunaithe le fada,” ar sé.

“Baineann a lán éiginnteachta le scoil nua. Le cúnamh Dé beidh níos mó daltaí ag freastal ar na scoileanna an bhliain seo chugainn, nuair a fheicfidh tuismitheoirí conas mar atá ag éirí leis an scoil.”
Tá a ndóthain daltaí ag Gaelscoil Ráth Tó i gContae na Mí ach níl aitheantas rialtais acu, agus tá siad ag lorg an aitheantais sin faoi láthair.

“Tá a mhalairt de scéal againne anseo sa tuaisceart,” a deir an tUasal Ó Coinn. “Tá an t-aitheantas faighte ag na scoileanna, ach níl na huimhreacha acu go fóill.”
Cén tábhacht a bhaineann leis an aitheantas sin nuair nach féidir maoiniú a fháil?
“Tá sé fíorthábhachtach,” a deir Ó Coinn. “Gan aitheantas, ní gá don Roinn Oideachais maoiniú a thabhairt do na scoileanna nuair a gheobhaidh siad an líon ceart daltaí.”

Mar sin, táthar ag súil go n-ardóidh líon na ndaltaí de réir a chéile agus nuair a tharlaíonn sé sin beidh maoiniú curtha ar fáil dóibh.
Ní bheidh ach cúigear páiste ag freastal ar Bhunscoil na mBeann i gContae an Dúin Dé Céadaoin seo chugainn, nuair a osclófar doirse na scoile den chéad uair, ach beidh an scoil ag oscailt ina ainneoin sin.
Deir Éamon Rodgers, a bhí bainteach le naíscoil na mBeann ón tús agus atá mar chathaoirleach ar an ngrúpa, go raibh siad ag súil go mbeadh dháréag ag freastal ar an nGaelscoil, rud a chiallódh go mbeadh maoiniú ar fáil dóibh.
Ar chúis éigin, ní bheidh seachtar ón dáréag sin ag freastal ar an scoil.

“Bhí agus tá fós go leor éiginnteachta ann faoi áitreamh na scoile agus mar sin de,” ar sé. “Tá sé deacair ar thuismitheoirí cinneadh a dhéanamh a bpáistí a chur chuig scoil nuair atá éiginnteacht mar sin ann.”
Beidh Gaelscoil Léim an Mhadaidh ag oscailt ar an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair freisin, cé nach bhfuil a ndóthain daltaí acusan ach an oiread chun maoiniú a fháil.
“Ag pointe amháin, bhí an uimhir dhraíochta de dháréag dalta againn don Ghaelscoil,” a deir Lee Devine, Cathaoirleach choiste na scoile.

“Thit cúpla duine amach, áfach, ar chúis éigin, agus anois is cosúil gur ochtar páiste a bheidh ag tosú i rang a haon.”
Faoi láthair tá sé pháiste dhéag ag freastal ar an naíscoil, agus bhí an oiread sin éilimh ar áiteanna ann go raibh ar an scoil diúltú do roinnt páistí eile. Beidh rang speisialta ag tosú sa tráthnóna do pháistí níos óige, atá trí bliana d’aois nó mar sin.
Ní hamhlaidh atá an scéal le Gaelscoil an tSeanchaí, a d’oscail den chéad uair anuraidh.
“Táimid muiníneach go mbeidh maoiniú á fháil againn,” a deir Cathaoirleach choiste na scoile, Graeme Clarke.
“D’oscail muid an scoil i mí Mheán Fhómhair 2009 ar bhonn féinmhaoinithe. Anois táimid ag súil go mbeidh athrú ag teacht air sin, mar go mbeidh fiche dalta againn sa scoil.”

Ag an bpointe seo, tá an chuma ar an scéal nach mbeidh a ndóthain daltaí ag freastal ar Ghaelscoil Choin Rí Uladh, an ceathrú scoil a bhfuair aitheantas sealadach, agus ní fios go fóill an mbeidh an scoil ag oscailt ar chor ar bith.
Dar le Rosie Nic Ghiolla Fhiondáin, atá ar choiste na scoile, bhí dháréag páiste deimhnithe le freastal ar an scoil ach anois níl ach naonúr, nó b’fhéidir deichniúr, ag iarraidh dul ann go cinnte.
“Níl na huimhreacha againn chun maoiniú a fháil ón Roinn Oideachais,” a deir sí. “Ach tá maoiniú á thairiscint dúinn ó fhoinse eile. Níl muid cinnte go fóill an mbeidh an scoil ag oscailt an tseachtain seo chugainn. Braitheann sé ar an gcuid eile den choiste, agus beimid i mbun cainteanna faoi seo sna laethanta amach romhainn.”

Tá seomra ranga ag an scoil cheana féin i lárionad gnó sa Bhaile Meánach agus tá múinteoir acu freisin.
Nuair a fógraíodh go mbeadh aitheantas á thabhairt do na ceithre scoil seo sa tuaisceart, cháin an DUP agus an UUP Caitríona Ruane as an gcinneadh a dhéanamh agus dúirt aontachtaithe go raibh an iomarca airgid á thabhairt don Ghaelscolaíocht. Deir Seán Ó Coinn nach dóigh leis go raibh tionchar ag na haontachtaithe ar thuismitheoirí agus iad ag déanamh cinnidh maidir lena bpáistí a chur chuig Gaelscoil.

“Tá daoine cleachtaithe air sin faoin am seo,” a deir sé.
Ba chóir do thuismitheoirí ar mhaith leo a bpáistí a chur ar cheann ar bith de na Gaelscoileanna nua seo teagmháil a dhéanamh le Comhairle na Gaelscolaíochta ar 028 9032 1475.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
27 Lúnasa 2010