Méid an Téacs

Múinteoir Ranga a earcú ag Gaelscoil Lios na nÓg

Lúnasa 8, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Lios na nÓg don bhliain seo chugainn. Conradh bliana atá le líonadh. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i Gaelscoil Lios na nÓg.

Caithfear litir iarratais mar aon le cv, reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí agus gráid an t-iarrthóir agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta a sheoladh ar ríomhphost chuig aine@gsliosnanog.ie. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an t-ochtú lá deag de mhí Lúnasa.

Bunscoil Chaitliceach faoi Fhoras Phátrúntachta na scoileanna lán Ghaeilge í Gaelscoil Lios na nÓg. Is í an Ghaeilge gnáth-theanga cumarsáide na scoile. Ní foláir d’iarrthóirí ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa a bheith acu. Ní ghlacfar ach le hiarratais trí mhean na Gaeilge amháin. Is féidir liosta de iarrathóirí oiriúnacha a chur le chéile as a ndéanfaí folúntais sa todhchaí a líonadh laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an fógra seo.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90152.