Méid an Téacs

Riachtanais na Scoileanna Oileáin á nAithint

Feabhra 28, 2018

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh an aitheantas atá á thabhairt do na dúshláin atá ag scoileanna ar oileán le seoladh tuarascála de chuid an Chomhchoiste um Oideachas agus Scileanna inniu. Tuarascáil thábhachtach í seo, a léiríonn tacaíocht traspháirtí d’fhorbairt córais agus scéimeanna tacaíochta níos iomchuí don oideachas oileáin, agus a chuirfeadh bonn níos láidre faoin oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Impítear go nglacfaidh an tAire Oideachais agus Scileanna leis na moltaí réasúnta atá leagtha amach, gur moltaí iad a d’eascair as comhairliúchán le pobail na scoileanna agus a gcuid eagraíochtaí tacaíochta, agus go ndéanfaí an infheistíocht bheag riachtanach san earnáil seo atá ag fulaingt le fada de bharr easpa aitheantais agus tacaíochtaí.

Ocht moladh san iomlán atá sa tuarascáil, anuas ar an mbunmholadh go bhforbrófaí polasaí don oideachas oileáin. “Tá sé tábhachtach comhtháthú a dhéanamh ar fhorbairt pholasaí oideachais oileáin leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta agus ar fhorbairt polasaí náisiúnta stáit don oideachas lán-Ghaeilge amach anseo – polasaí ar mhaith linn go gcuirfí tús leis an díospóireacht agus an plé ina leith faoi”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.

Ag labhairt faoin seoladh inniu, dúirt ní Ghréacháin gur “ábhar mór misnigh a bhí sa tuarascáil, ní hamháin ó thaobh ábhar na moltaí ciallmhara atá ann, ach ó thaobh an cur chuige uileghabhálach comhairliúcháin a tugadh faoi, agus an dúthracht agus dílseacht do chothrom na féinne do scoileanna oileáin a léirigh an Comhchoiste”. Thréaslaigh sí leis an gCathaoirleach, an T.D. Fíona Ní Lochlainn agus a stiúir éifeachtach agus leis an Seanadóir Trevor Ó Chlochartaigh as a chuid tiomantais agus saintuisceana ar chúrsaí oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta”.

Glacann Gaeloideachas buíochas le gach scoil a bhí páirteach sa chomhairliúchán agus a roinn a gcuid tuairimí agus moltaí linn agus an eagraíocht i mbun comhairliúcháin thar a gceann.