Méid an Téacs

Ainm nua ar an tSraith Shóisearach leasaithe á fhógairt ag an Aire Quinn

Eanáir 17, 2014

Tá an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., tar éis a fhógairt inniu go mbeidh ainm nua ar an dTeastas Sóisearach leasaithe mar atá Gradam Scoláire na Sraithe Sóisearaí (an Gradam).

Adúirt an tAire Quinn, “Is fada agus is géar a bhí ollchóiriú ar an tSraith Shóisearach ag teastáil. Leis an nGradam nua beidh scoláirí, seachas scrúduithe, ag croílár na sraithe thrí bliana.

Adúirt an tAire Quinn leis, “Bíonn formhór na dtuismitheoirí agus na múinteoirí a chastar ormsa báúil le hollchóiriú ar an tsraith shóisearach – ar mhaithe leis na scoláirí. Admhaím, áfach, go bhfuil ábhair bhuartha dlisteanacha ag an-chuid múinteoirí faoin gcaoi a dtabharfar na hathruithe seo isteach i scoileanna.

“Tionólfar Meitheal Oibre nua do Leasú na Sraithe Sóisearaí don chéad uair riamh Dé hAoine seo chugainn, 17ú Eanáir. Fóram a bheidh sa mheitheal oibre seo ina bhféadfar ábhair bhuartha na gcomhpháirtithe oideachais a éisteacht agus a leigheas, a mhéid is féidir, thar na míonna agus na mblianta romhainn amach. Tá an grúpa comhdhéanta de hionadaithe ó cheardchumainn na múinteoirí, Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire agus Aontas Múinteoiri Éireann, comhlachtaí bainistíochta, tuismitheoirí, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.

“Bíodh is go bhfuil géarghá le leasú ar an tsraith shóisearach, tá an Gradam á thabhairt isteach diaidh ar ndiaidh thar roinnt blianta ó mhí Mheán Fómhair 2014 amach. Táim meáite ar an nGradam nua a thabhairt isteach ar luas a fhágfaidh deis ag scoileanna, scoláirí agus múinteoirí na hathruithe seo a neadú.

“Tá seal ama caillte againn thar na míonna beaga anuas ach táim muiníneach go mbeidh an grúpa seo ina phointe fócais do phlé bríoch, éifeachtach sa chaoi go rachfar i ngleic le hábhair bhuartha dlisteanacha agus go mbeifear in ann dul ar aghaidh leis an bhfeidhmiú,” adúirt an tAire.

“Deis é seo ag na comhpháirtithe go léir dul i gcion ar fhorbairt agus fheidhmiú an leasaithe ar an tsraith shóisearach agus táim tiomanta go hiomlán do thorthaí na caibidlíochta ag an Meitheal Oibre a chur san áireamh,” adúirt an tAire mar fhocal scoir.

Tá curaclam reatha na Sraithe Sóisearaí ar bun le 25 bliain gan aon leasú bunúsach a bheith déanta air. Tá fianaise dhosheachanta ann nach bhfuil sé ag fónamh ar roinnt de na daoine óga mar go bhfuil líon suntasach de lucht na céad bliana ann nach bhfuil ag dul chun cinn sna heochair-réimsí foghlama: an Béarla agus an Mata.

Tá fianaise ann freisin go bhfuil scoláirí ag ‘lascadh as’ sa dara bliain agus is minic nach gcromann siad ariamh eile ar an bhfoghlaim; agus bíonn taithí na tríú bliana
faoi cheannas na n-ullmhúchán do scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus bíonn sí caolaithe acu. Rachfar i ngleic leis na fadhbanna seo leis an nGradam nua agus déanfar deimhin de go dtiocfaidh scoláirí chun bheith ina ndéagóirí eolasacha agus ina saoránaigh a bhfuil ar a gcumas an gealladh atá iontu a fhíorú.

www.education.ie