Méid an Téacs

An Chéád Straitéis Náisiúnta Éireannach don Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) á foilsiú ag an Aire Quinn

Iúil 7, 2014

Inniu, d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, T.D., “An Straitéis Náisiúnta Éireannach don Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe, 2014-2020”, an chéad straitéis dá leithéid ag Éirinn.

Leis an oideachas don fhorbairt inbhuanaithe cothaítear agus neartaítear cumas daoine aonair chun breithiúnais agus roghanna a dhéanamh i bhfabhar na forbartha inbhuanaithe.

Tá sé mar aidhm ag an Straitéis a chinntiú go bhfuil an t-eolas cuí ag foghlaimeoirí, agus na príomhscileanna agus luachanna acu, mar aon leis an meon, a spreagfaidh agus a chumasóidh iad chun bheith ina saoránaigh eolasacha ag gníomhú ar mhaithe le todhchaí níos inbhuanaithe.

Tá ocht ‘réimse tosaíochta aicsin’ sainaitheanta. Orthu siúd tá ceannaireacht agus comhordú, bailiú sonraí agus tomhas bunlíne, agus rannpháirtíocht a chur chun cinn i measc daoine óga i gcinnteoireacht a théann i gcion orthu.

Tá sraith moltaí ag gach aon cheann de na hocht réimse tosaíochta. Cuimsíonn na moltaí seo gach réimse den chóras oideachais, ón réamhscoil go dtí an bhreisoideachas agus an t-ardoideachas, mar aon le hoideachas neamhfhoirmeálta agus oideachas pobail, agus earnáil na hÓige.

Cuireann an plean OFI rannpháirtíocht bhreisithe chun cinn i measc páistí agus daoine óga sa chinnteoireacht a théann i gcion orthu san earnáil oideachais, rud a dhéanfar go príomha trí chomhairlí mac léinn. Tá sé seo i gcomhréir le feachtas an Aire chun a chinntiú go gcuirfear guth na mac léinn san áireamh san oideachas. Spreagfar scoileanna chun tuilleadh comhairlí mac léinn a bhunú ag an mbunleibhéal, agus déanfar athbhreithniú ar an tsamhail chomhairle mac léinn atá ann faoi láthair ag an iar-bhunleibhéal.

Ag cur fáilte roimh an Straitéis dó, d’aibhsigh an tAire Quinn an tábhacht a bhain leis an Roinn Oideachais agus Scileanna bheith ag cur na hinbhuanaitheachta chun cinn ina cleachtas féin, “Mar ailtire, tá áthas orm go bhfuil gradaim buaite ag an Roinn don dearadh inbhuanaithe in ár gcuid tionscadal tógála scoileanna.

“Leis an Straitéis seo OFI, tá an Roinn tiomanta d’infreastruchtúr a thógáil i gcónaí atá ceannródaíoch maidir lena inbhuanaitheacht, chomh maith le bheith ag iarraidh úsáid an fhuinnimh aici féin agus ag institiúidí eile san earnáil oideachais a laghdú.”

“Is mian liom a rá gur mór agam an cion fial ama agus saineolais a tugadh don obair seo. Agus sinn ag cur na Straitéise OFI i bhfeidhm beidh an Roinn ag iarraidh bheith ag obair go dlúth libhse a rinne an obair sin sa réimse tábhachtach seo.”

Táthar chun Grúpa Comhairleach OFI a bhunú, a bheidh ionadaíoch do pháirtithe leasmhara, agus a mbeidh oifigeach de chuid na ROS ina chathaoirleach air, chun an dea-chleachtas a mhalartú, chun comhpháirtíochtaí a thógáil agus chun páirtithe leasmhara a shlógadh.

Le foilsiú na Straitéise Náisiúnta don OFI, comhlíontar tiomantais na hÉireann faoi Dheich mBliana an Oideachais don Fhorbairt Inbhuanaithe ag na Náisiúin Aontaithe. Ceann de na tiomantais é chomh maith in Our Sustainable Future, an Straitéis Náisiúnta don Fhorbairt Inbhuanaithe, a d’fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil in 2012.

Na hocht réimse tosaíochta aicsin:

1. Ceannaireacht agus comhordú
2. Bailiú sonraí agus tomhas bunlíne
3. Curaclam sa réamhscoil, bunscoil agus iar-bhunscoil
4. Forbairt phroifisiúnta
5. Breisoideachas agus breisoiliúint
6. Ardoideachas agus taighde
7. Rannpháirtíocht i measc daoine óga a chur chun cinn
8. Inbhuanaitheacht á cur i ngníomh

Tá an Tuarascáil le fail ag : http://www.education.ie/en/Publications/Education-Reports/National-Strategy-on-Education-for-Sustainable-Development-in-Ireland-2014-2020.pdf