Méid an Téacs

An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas

Nollaig 1, 2017

Beidh An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – An Tumoideachas: Deiseanna agus Dea-chleachtais,  ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach ar an 18-19 Bealtaine 2018. Tá an chomhdháil eagraithe i gcomhpháirt le:

  • Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh
  • An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
  • Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí
  • Gaeloideachas
  • Foras na Gaeilge
  • Comhairle na Gaelscolaíochta.

Cíorfaidh an chomhdháil ceisteanna a bhaineann leis an tumoideachas agus beidh páipéir agus póstaeir faoi na snáitheanna a leanas curtha ar fáil:

  • An Teagasc, an Fhoghlaim agus an Measúnú a nascadh sa Tumoideachas
  • Féinmheastóireacht Scoile, Ceannaireacht agus Forbairt Oideoirí
  • Beartas agus Nuálaíocht i bPobail Dhátheangacha/Ilteangacha

Tabharfaidh An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas deis do theangeolaithe, do thaighdeoirí, d’oideoirí an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna agus ar fhorbairtí comhaimseartha ag leibhéil éagsúla le súile úra.

Tugann an suíomh  léargas cuimsitheach ar ghnéithe éagsúla na comhdhála.

Tá an ghairm ar pháipéir ar siúl faoi láthair.

Táimid ag súil go mór le bualadh leat ag an gcomhdháil.

Bí linn.

An Dr. T.J. Ó Ceallaigh

Stiúrthóir na Comhdhála
An Roinn um Oideachas Teanga agus Litearthachta,
Coláiste Mhuire gan Smál,
Luimneach.