An Taoiseach Enda Kenny i mbun cainte le Raidió na Life ar ‘20 Bliain’ Dé Céadaoin 11ú Nollaig, 12:00 – 13:00
Nollaig 10, 2013
Tá áthas ar Raidió na Life a fhógairt go mbeidh An Taoiseach Enda Kenny ag tabhairt mór-agallamh don stáisiún Dé Céadaoin beag seo 11ú Nollaig ag a meánlae mar chuid den tsraith ’20 Bliain’, sraith ina labhrann mórphearsantachaí ó shaol poiblí na hÉireann le láithreoirí deonacha éagsúla ó Raidió na Life faoin méid a thit amach i saol an duine sin idir na blianta 1993 agus 2013, an tréimhse chéanna go bhfuil Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail do phobal na Gaeilge i mórcheantar Átha Cliath.
Ábhar mórtais do stáisiún na nGael in Áth Cliath, ní hamháin go mbeidh An Taoiseach le cloisteáil faoi agallamh le Siobhán Seoighe ar an tsraith, ach beidh Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn i mbun cainte linn chomh maith an tseachtain dár gcionn, ar an gCéadaoin 18ú Nollaig, nuair a labharfaidh sé le Judy-Meg Ní Chinnéide.
Bíonn an clár „20 Bliain‟ le cloisteáil gach Céadaoin ag a 12 meánlae, le deis éisteacht arís leis ag a 7 i.n. gach tráthnóna Déardaoin. Tá réimse leathan d‟aíonna tar éis páirt a ghlacadh sa sraith, idir aisteoirí, polaiteoirí, craoltóirí aitheanta, ceoltóirí srl. Is féidir éisteacht siar leis na hagallaimh ar fad a craoladh go dtí seo ar shuíomh Raidió na Life http://www.raidionalife.ie/20bliain/, áit a thiocfaidh tú ar agallaimh le leithéidí Dhara Uí Bhriain, Peter Coonan (“Fran” i Love/Hate), Bláithnaid Ní Chofaigh, Fiach Mac Conghail agus neart daoine eile nach iad.
Arsa Cian Mac Cárthaigh, Clár Reachtaire Raidió na Life, “Bhí sé soiléir dúinn go bhfuil réimse leathan daoine i saol poiblí na hÉireann agus scéal le hinsint acu faoin méid a thit amach ina saolta idir 1993 agus 2013. Bhí sé tábhachtach dúinn na scéalta seo a chur ar an dtaifead trí Ghaeilge agus tá súil againn go mbeidh daoine fós ag éisteacht leo nuair atá Raidió na Life ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód. Bhí sé go deas freisin deis a thabhairt do láithreoirí deonacha RnL a gcuid talainne mar iriseoirí a léiriú agus iad i mbun agallaimh uair a‟ cloig le cuid de na daoine is mó le rá i saol poiblí na tíre.”
Tá físeán de thuras Raidió na Life chuig Áras an Uachtaráin déanta ag an scannánóir óg Laura Gaynor, oibrí deonach leis an stáisiún. Féach: http://www.youtube.com/watch?v=ooJ9gNI-rxo
Tá an tsraith seo léirithe ag Deirdre Callanan agus Cian Mac Cárthaigh agus is é Fearghal Saxe an t-innealtóir fuaime ar an tsraith. Tá láithreoirí deonacha éagsúla ón stáisiún ag cur na cláracha i láthair. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn faoin gclár ag cian@raidionalife
Faoi Raidió na Life:
Buaiteoir ghradam “Stáisiún Raidió na Bliana” ag Féile na Meán Ceilteach sa Bhreatain Bheag i 2013, tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail ó 25ú Meán Fómhair 1993 mar stáisiún pobail sainspéise. Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge, a chuireann ar a chumas triúr foirne lánaimseartha a fhostú mar aon le Maor Deireadh Seachtaine páirtaimseartha. Is ar bhonn deonach a oibríonn láithreoirí uile an stáisiúin agus bíonn idir 100 agus 150 duine ag glacadh páirte sa stáisiún ar bhonn deonach chuile sheachtain. Feidhmíonn sé faoi stiúr Bhord Stiúrtha deonach.
Tá suas le dhá mhíle craoltóir tar éis taithí chraolacháin a fháil le RnaL thar na blianta, ina measc Sharon Ní Bheoláin, Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Colm Ó Mongáin (RTÉ Raidió 1), Clíona Ní Chíosáin (Aifric TG4), Aodhán Ó Ríordáin TD, Rónán Ó Muirthile (Láithreoir ‘Splanc’ ar Newstalk & Léiritheoir Teilifíse), Cearbhall Ó Síocháin (RTÉ RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (i102-104), Darragh Ó Tuama (Newstalk), Cormac Ó hEadhra (RnaG) agus neart eile nach iad. Craolann RnaL 7 lá sa tseachtain ar 106.4FM in Átha Cliath agus beo ar líne ag raidionalife.ie freisin.
Tá cáil ar an stáisiún as ard-chaighdeán na gclár cainte a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus a thugann dearcadh eile ar chúrsaí nuachta is cúrsaí cultúrtha d‟éisteoirí. Aithnítear an stáisiún freisin as ucht a réimse eicléictiúil ceoil, lena n-áirítear popcheol, rac-cheol, ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol ailtéarnach, reggae, ceol clasaiceach, ceol domhanda, ceol leictreonah/damhsa, dord & droma, hip hop, r‟n‟b srl. – agus na cláir go léir, nach mór, curtha i láthair trí Ghaeilge. Déanann an stáisiún obair luachmhar le pobail mhionteangacha eile sa phríomhchathair freisin, le cláracha á gcur i láthair ar an stáisiún i dteangacha phobail inimirceacha ar nós an Pholainnis is an Spáinnis leis.
Bhronn Oireachtas na Gaeilge gradam speisialta ar Raidió na Life níos luaithe i mbliana as „Scoth na Seirbhíse le 20 Bliain ó 1993 – 2013’ mar aon le “Láithreán Gréasáin na Bliana” do www.raidionalife.ie ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2013.