An Tionól Teagaisc ar siúl in Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Deireadh Fómhair 30, 2012
Anuraidh d’fhreastail os cionn ceithre chéad múinteoir ar an Tionól Teagaisc agus de bharr an aiseolais a fuarthas, níl aon amhras ann ach go mbeidh Tionól Teagaisc den scoth ann arís i mbliana le slua mór ag freastal air.
Reáchtálfar an dara Tionól Teagaisc i mbliana san fhoirgneamh Ealaíon/Eolaíochta in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar an Satharn, 10 Samhna 2012.
Leis an téama An Chumarsáid sa Ghaeilge: guthanna ón seomra ranga i mbliana, díreofar ach go háirithe ar straitéisí agus ar chur chuigí a chothaíonn labhairt na Gaeilge.
Ag cúig a chlog ar an Aoine in óstán Ardoileáin i nGaillimh osclóidh an t-Ollamh Gearóid Denver Tionól Teagaisc na bliana seo go hoifigiúil le linn dhinnéar na comhdhála. Tabharfaidh Dónall Mac Diarmada ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit aiseolas faoi scrúdú na hArdteiste 2012 mar tháinig na hathruithe bainteach leis an 40% ar labhairt na Gaeilge isteach i mbliana.
Beidh saineolaithe éagsúla ag labhairt, beidh líon mór seastán eolais ann le háiseanna scoile den scoth agus beidh deis iontach ag daoine bualadh le múinteoirí eile agus tuairimí a mhalartú.
Arís i mbliana ar an Satharn cuirfear réimse leathan ceardlann phraiticiúil ar fáil a sholáthróidh smaointe nua agus ábhar suimiúil ar féidir iad a úsáid láithreach sa seomra ranga Gaeilge – ábhar amhail scannáin agus áiseanna nua atá amuigh ansin. Beidh cur i láthair agus ceardlanna le teagascóirí, léachtóirí agus múinteoirí. Ina measc siúd a bheidh i mbun ceardlainne beidh Reuben Ó Conluain, Carmel Nic Eoin, Éamonn Ó Domhnaill, Bernardine Nic Giolla Phádraig, Ógie Ó Ceallachair mar aon le go leor eile.
Tuilleadh eolais: www.tionolteagaisc.com