Méid an Téacs

Anseo – aip nua le gréasán Gaeilge a chruthú ar líne

Meitheamh 6, 2013

Tá feidhmchlár nua á fhorbairt ag Diaga Teo. i láthair na huaire a bhfeadfadh a bheith an-úsáideach do na scoileanna lán-Ghaeilge, www.anseoapp.com. Beidh an clár saor in aisce le híoslódáil, ar fáil ar fóin póca agus, tá súil acu, ar líne chomh maith. Tá sé dírithe ar mórphobal na Gaeilge; is féidir le scoileanna, eagraíochtaí a chuireann seirbhísí i nGaeilge ar fáil agus daoine aonair le líofacht nó suim acu sa teanga clárú leis an aip agus cruthaítear léarscáil uaidh sin, rud a bheadh áisiúil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus pobal na scoile á fhorbairt. Ciallaíonn sé go mbeidh an scoil feiceálach agus go mbeidh sé éasca d’úsáideoirí eile teagmháil a dhéanamh leis an scoil. Níl aon chostas ar clárú, ní gá ach foirm clárúcháin a chomhlíonadh ar www.anseoapp.com le go mbeidh an scoil san áireamh. Tá gné shóisialta ag baint leis an aip sa chaoi ar féidir teacht ar imeachtaí Gaeilge ar nós ranganna Gaeilge, ceolchoirmeacha, clubanna cultúrtha agus neart eile ar an léarscáil idirghníomhach agus bheadh súil ag Diaga Teo. go mbeidh sé spreagúil agus suimiúil do na scoileanna lán-Ghaeilge.