Bruíon na mbuíon ar RónánBeo@3 – spriocdháta ag teannadh linn!
Márta 26, 2013
Mar chuid de ‘Sheachtain na nDaoine Óga’ tá clár RónánBeo@3 ag tabhairt dúshlán ceoltóirí óga na tíre páirt a ghlacadh sa chomórtas Bruíon na mBuíon.
Tá siad ag tabhairt cuireadh do ghrúpaí nó ceoltóirí aonaracha amhrán nuachumtha chomhaimseartha a chumadh agus a sheoladh isteach chucu.
Beidh moltóirí an chomórtais ag treabh fríd na hamhráin uilig a thiocfaidh chugainn anseo le buaiteoir amháin a aimsiú.
Beidh an buaiteoir a fhógairt ar an Aoine an 19ú Aibreán.
’Sé an duais a bhéas ann nó taifeadadh EP (3 traic) i stiúideo Tommy McLaughlin, ball den ghrúpa ceoil ‘The Villagers’ lena chois sin beidh cuireadh a thabhairt don bhuaiteoir seinm ag an Chabaret Craiceáilte.
Rialacha…
- Tá an chomórtas seo dírithe ar dhaltaí meánscoile ar fud na tíre.
- Glacfar le hAmhráin chomhaimseartha nuachumtha le grúpa nó ceoltóirí aonaracha.
- Is féidir níos mó ná hiarratas amháin a sheoladh isteach ach an mhéid sin a chur in iúl i d’iarratas.
- Is é an Aoine an 29ú Márta spriocdháta an chomórtais!
- Seol d’amhrán chuig Rónán Beo RTÉ Raidió Na Gaeltacha, Na Doire Beaga, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall nó mp3 chuig ronan@rte.ie
- Fógrófar an buaiteoir ar an Aoine an 19ú Aibreán.
- Ní bheidh athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh na moltóirí.