Méid an Téacs

Buiséad 2012: Cad a chiallaíonn sé do na Naíonraí agus don earnáil luath-óige?

Nollaig 10, 2012

An mórscéal do thuismitheoirí, tuismitheoirí ar ísealioncam go háirithe ná an ciorrú a fógraíodh do shochar linbh ach tá athraithe eile atá ar pháidrín na hearnála luath-óige mar a bhaineann sé leis an mbuiséad.

D’eisigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige preaseisiúint inné ag fógairt go gcuirfear 6,000 spás ar fáil le haghaidh Scéim um Cúram Iarscoile Leanaí Aois Scoile, go gcuirfear €2.5milliúin ar fáil le haghaidh tionscnamh frith-bhochtaineacht leanaí le cur chuige ceantar-bhunaithe agus go rachaidh sábháiltí lámh le lámh le hathchóirithe agus athbhreithnithe luach ar airgead (níl sé soiléir ón bpreaseisiúint cad a chiallódh seo go praiticiúil).

D’eisigh Start Strong preaseisiúint ag faire nach mbainfear córas cúram leanaí Lochlannach amach leis na bearta a fógraíodh sa Bhuiséad inné. Míníonn an preaseisiúint trí dhíriú ar sholáthar sheirbhíse do theaghlaigh ísealioncam amháin (an 6,000 spás do chúram iarscoile) seachas ag bogadh i dtreo córas uilíoch, d’fhéadfadh na bearta a fógraíodh muid a bhogadh i dtreo córas cúram iarscoile dhá leibhéal rud nach bhfuil le sonrú sa tsamhail Lochlannach.

I gcomhphreaseisiúint eisithe ag Start Strong, OPEN, Barnardos agus Comhairle Náisiúnta na mBan inné dhiúltaigh na heagrais luaite na bearta chun an Scéim um Cúram Leanaí iarscoile a bhunú ag maíomh gur chóir go mbeadh an rochtain céanna ag gach leanbh go dtí cúram leanaí. Mhínigh siad go raibh difríocht mhór idir an beart fógraithe inné sa bhuiséad agus an cur chuige straitéiseach d’fhorbairt cúram leanaí cuimsitheach do na leanaí go léir san aoisghrúpa 0-12 in Éirinn agus gur bhunaigh an beart nua córas dhá leibhéal a leithscarfaidh leanaí bunaithe ar ioncaim teaghlaigh.

Tá na heagrais ar lorg cruinniú práinne leis na hAirí Burton agus Fitzgerald ar an gceist seo.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le FNT má tá aon comhairle uait maidir leis an méid a fógraíodh sa bhuiséad mar a bhaineann sé leis an Naíonra: 01-8535101 nó eolas@naionrai.ie.