Méid an Téacs

Bunachar de mhúinteoirí ionaid naíonraí

Meitheamh 26, 2018

Tá Gaeloideachas ag forbairt bunachair d’ionadaithe feiliúnacha leis na cáilíochtaí cuí a bheadh ar fáil chun obair ionadaíochta a dhéanamh i naíonraí. Tuigeann muid go mbíonn dúshlán ag baint le teacht ar bhaill foirne ionaid go minic agus ba mhaith linn an bunachar seo a fhorbairt chun cabhrú le naíonraí teacht ar ionadaithe cuí go sciobtha agus go héasca.

Má tá aon mholtaí agaibh nó má tá aithne agaibh ar dhaoine feiliúnacha a bheadh sásta bheith ar an liosta seo, bheadh muid an-bhuíoch díobh as teagmháil a dhéanamh le Ciara lena gcuid sonraí teagmhála ciara@gaeloideachas.ie. Déanfar teagmháil leis na daoine molta ansin chun tuilleadh sonraí a lorg agus le cinntiú go bhfuil siad sásta bheith ar an liosta seo. Má tá múinteoir ionaid ag teastáil ó naíonra, déanfaidh siad teagmháil linn agus tabharfaidh muid sonraí na múinteoirí ionaid atá sa gceantar máguaird dóibh. Ní roinnfear an bunachar seo go poiblí.

Déan teagmháil le Ciara ciara@gaeloideachas.ie le breis eolais a fháil.