Méid an Téacs

Caithigí níos lú airgid le cabhair ón Aonad um Sholáthar do Scoileanna

Nollaig 18, 2015

Tá gach scoil ag iarraidh a chinntiú go bhfuil siad cúramach ó thaobh caiteachas de. Bíonn dúshlán go minic do scoileanna agus iad ag ceannach ábhair nó seirbhíse agus iad ag iarraidh a bheith cinnte de go bhfuil an margadh is fearr faighte acu.

Tógann sé am agus obair ar scoileanna praghasanna agus tairiscintí a fháil. Faoin gcóras atá ag an Oifig Um Sholáthar Rialtais tá an obair seo déanta do scoileanna. Mar shampla tá conradh acu le Office Depot a chinntíonn go bhfaigheann scoileannna lascainí ollmhóra ar réimse leathan ábhair. Tá conradh nua leictreachais aontaithe acu atá ag tosú i mí Eanáir 2016 ina bhfuil sábháil mhór do scoileanna.

Chun tacú le scoileanna leas a bhaint as an gcóras seo socraíodh suas An tAonad um Sholáthar do Scoileanna. Is féidir leo cabhrú le scoileanna clárú don chóras agus iarratas a dhéanamh ar ábhar nó seirbhísí a cheannach. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag procurementsupport@jmb.ie nó glaoch ar 01-2035899. Tá seirbhís as Gaeilge acu freisin.

(Foinse: Nuachtlitir An Fhorais Phátrúnachta)