Méid an Téacs

Camchuairt 2019 fógartha ag Foras na Gaeilge

Samhain 1, 2018

Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge sraith d’oícheanta eolais a fhógairt le scéimeanna maoinithe a bheidh ar fáil ón gcomhlacht thuaidh/theas don Ghaeilge in 2019 a chur chun cinn. Beidh an chéad cheann acu ar siúl ag Aonach an Oireachtais ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar an 2 Samhain. Le linn na n-oícheanta roinnfidh Foras na Gaeilge eolas faoi obair na heagraíochta, a scéimeanna maoinithe agus na tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh deis ag an bpobal aiseolas a thabhairt maidir le cur chun cinn na Gaeilge ina gceantar féin agus ceisteanna a chur.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ceantair áirithe thuaidh agus theas aitheanta againn óna bhfuil líon na n-iarratas ar ár scéimeanna maoinithe éagsúla measartha íseal le blianta beaga anuas. Le dul i ngleic leis seo, eagraíodh camchuairteanna i míonna Feabhra agus na Samhna 2017 le labhairt le pobail sna ceantair seo agus é mar aidhm againn feasacht a ardú faoi na deiseanna maoinithe agus tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ba mhór an tairbhe a bhain leis na seisiúin sin toisc gur roinn rannpháirtithe aiseolas luachmhar linn atá anois curtha san áireamh againn. Táimid ag súil go mór le dul i mbéal an phobail arís leis an dara camchuairt seo le scéimeanna maoinithe 2019 a chur faoina mbráid.”

I measc na scéimeanna a bheidh á bplé beidh Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh agus scéimeanna scríbhneoireachta. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil freisin i réimsí an ghnó, na n-ealaíon, na meán agus na foilsitheoireachta. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge, www.forasnagaeilge.ie/sceimeanna, le haghaidh liosta iomlán de na scéimeanna atá ar fáil.

Cuirfidh Foras na Gaeilge na seisiúin seo a leanas i láthair le linn na seachtainí seo romhainn:

02/11/2018 15:00 Cill Airne, Co. Chiarraí

Aonach an Oireachtais, Oireachtas na Samhna, Gleneagle Hotel, V93 V6WF

07/11/2018 19:30 Cathair Chill Chainnigh

Springhill Court Hotel, R95 NX32

07/11/2018 19:00 An Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain

Burnavon Theatre, BT80 8DN

08/11/2018 19:30 Port Laoise, Co. Laoise

Maldron Hotel, R32 HKN3

14/11/2018 19:30 Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

An Grianán Theatre, F92 RV1F

15/11/2018 19:30 Cathair Shligigh

Sligo Southern Hotel, F91 EW24

16/11/2018 16:15 Cathair na Gaillimhe

Tionól Forbartha Gaeloideachas, Clayton Hotel, H91 D526