Méid an Téacs

Ceiliúradh Cúig Bliana is fiche Gaelscoil Dhún Dealgan

Feabhra 10, 2011

Is ábhar lúcháire agus ábhar mórtais dúinn go bhfuil Gaelscoil Dhún Dealgan ag ceiliúradh cúig bliana is fiche bunú na scoile.  Bhí a fréamhacha lonnaithe i dtús áite i Scoil Sheosaimh, Muírtheimhne Mór nuair a cuireadh sraith gaelach ar bun ansin sa bhliain 1980.  Ní raibh sa tsraith an chéad uair ach seisear páiste agus múinteoir amháin i seomra réamhdhéanta.  Tháinig fás fiúntach ar sin diaidh ar ndiaidh.

Bhain an scoil neamhspléachas amach sa bhliain 1986 agus b’é Rónan Mac a’Bhaird, Uasal, an cheád phríomhoide.  Bhí dúshlán mór os comhair pobal na scoile chun foirgneamh mar is ceart a bhaint amach mar ag an phointe sin bhí seisear múinteoir agus a gcuid ranganna ag obair i sraith seomraí réamhdhéanta ar láthair Scoil Sheosaimh.  D’eirigh lena gcuid iarrachtaí agus mar thoradh ar sin ceadaíodh agus tógadh foirgneamh breá ar láthair nua gar de Bhóthar Bhaile Átha Cliath.  Faoin am ar bogadh isteach san fhoirgneamh nua sa bhliain 1997, bhí corradh agus dhá chéad páiste ag freastal ar an scoil agus ochtar múinteoir fostaithe.  Faoin am seo fosta, b’í Annette Bn. Mhic Ardaíl a bhí mar phríomhoide nuair a ghlac sí anonn an post sa bhliain 1991.

D’oscail an tUasal Míchéal Ó Muircheartaigh an scoil go hoifigiúil ar an 17ú la de Mheitheamh 1997.  Riamh ó shin, tá paistí agus múinteoirí na scoile ag baint tairbhe agus pleisiúr as an timpeallacht álainn ina bhfuil siad lonnaithe agus as na háiseanna fiúntacha atá ar fáil dóibh.  Tá an scoil ag dul i méid agus i nirt le himeacht na mblianta.  Cuireadh seomra ranga nua, seomra stóir agus ceithre sheomra set leis an scoil arú anuraidh agus fágann na hoibreacha sin uilig go bhfuil toscaí ar dóigh sa scoil fá choinne léann na bpáistí a chur chun cinn.

Is é an tUasal Pádraig MacCanna príomhoide na scoile sa lá ata inniú ann agus ceapadh é mar phríomhoide san bhliain 1999.  Tá 14 Múinteoir ag obair sa scoil agus tá thart fá 200 páistí ag freastal uirthi. Tagann na páistí ón cheantar áitiúil agus ó cheantracha máguaird.  Faigheann siad oideachas den scoth trí mheán na Gaeilge agus ar fhágáil na scoile dóibh bíonn ardchaighdean labhartha agus scríofa bainte amach acu sa Ghaeilge.  Ní hamhain sin uilig ach bíonn deiseanna ar dóigh ag na páistí sa cheol mar faigheann siad ceachtanna feadóg stáin agus ceachtanna fidil óna bunranganna ar aghaidh.  Tá ceolfhoireann sa scoil a bhíonn iontach gnóthach le linn na bliana go háirithe um Nollaig agus ag ócáidí speisialta eile.  Tugann an cheolfhoireann deis do na páistí a gcuid ceoil a chleachtadh agus a léiriú os comhair an phobaíl.  Le cois sin, bíonn cór na scoile lán chomh gnóthach ag cleachtadh gach seachtain do mhórócáidí na scoile agus d’ócáidí seachtracha cosúil leis an cheolchoirm HALLELUJAH a bhí ar siúl san RDS roimh na Nollag.  Ghlac an cór páirt fosta in ócáidí trasteorainn a bhí ar siúl le cúpla bliain anuas.

Beidh an ócáid mhór seo á cheiliúradh againn sa tseachtain roimh Lá ‘Le Pádraig ag tosú le hoíche cheoil ar an 11ú Márta.  Beidh tráth na gCeist ar siúl ar an 15ú la agus cuirfear roinnt imeachtaí tháitneamhacha ar siúl do na páistí idir an da línn. Críochnóidh an ceiliúradh le haifreann ar an 16ú lá de Mhárta i Séipéal an Teaghlaigh Naofa ar a 11 a chlog.  Beidh an tEaspag Gearóid Ó Clumhain ag ceiliúradh an aifrinn i gcuideachta an phobail.  

“Ní neart go cur le chéile” mana na scoile agus tá lúchair orm a thuairisciú gur ag dul i dtreiseacht agus i nirt atáimid ag gabháil lá i ndiaidh a chéile.