Méid an Téacs

Ceoltóirí Choláiste na Coiribe i gCraobhchomórtas Siansa Gael Linn 2018 !

Aibreán 16, 2018

Beidh féasta ceoil sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 22 Aibreán ag Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2018 ! Ocht ngrúpa, ina bhfuil  plúr na gceoltóirí agus na n-amhránaithe óga traidisiúnta, a bheidh páirteach i mbuaicphointe seo an chomórtais.  Ina measc, beidh an grúpa ‘Uisneach’ ó Choláiste na Coiribe, Gaillimh, faoi stiúr a múinteora, Holly Geraghty.

Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine. Ar an bhfód anois le seacht mbliana déag, cothaíonn an comórtas dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige.

Is iad na grúpaí eile  a tháinig trí chóras réamhbhabhtaí le bheith ar ardán ag an mórócáid seo ná ‘Lonrach’ ó Chontae Laois, ‘Fonnmhar’, An Brú, Co. Luimnigh, ‘Sin a’Bhfuil’ ó Chontaetha Laoise agus Uíbh Fháilí, ‘Spleodar’, Inis Ceithleann, Co. Fhear Manach, ‘Caise’, Inis, Contae an Chláir, ‘I gCónaí Réidh’, Caisleán an Danair, Co. Loch Garman agus ‘Léargas’, Bré, Co. Chill Mhantáin. Seinnfidh gach grúpa a rogha féin de cheol traidisiúnta, a mhairfidh idir 10 agus 12 nóiméad,  agus atá cóirithe go speisialta ag na baill, agus beidh amhráin Ghaeilge le cloisteáil uathu chomh maith.

Ag cur comhairle ar na grúpaí ábharacha ar a mbealach chun na craoibhe i mbliana, bhí na ceoltóirí aitheanta Declan Masterson agus Muireann Nic Amhlaoibh. Beidh Oisín Mac Diarmada ón ngrúpa ‘Téada’ ag moltóireacht in éineacht leo sa Cheoláras, agus roghnóidh an triúr iomráiteach seo na duaiseoirí. Le duaischiste de €4,500, is féidir a bheith ag súil le géariomaíocht agus ardchaighdeán ceoil ar an oíche. Bronnfar príomhdhuais €2,500 agus trófaí Gael Linn ar na buaiteoirí, €1,250 don dara háit agus €750 don tríú háit. Anuas air sin, bronnfar duais chuimhneacháin ar na ceoltóirí uile a bheidh páirteach sa Chraobh.

Beidh an ceolchoirm á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7.30p.m. ar an oíche , agus is í Áine Hensey a bheidh mar láithreoir. Chun ticéad a chur in áirithe don ócáid, ní gá ach dul i dteagmháil leis an gCeoláras Náisiúnta ag 01:417 00 00 nó www.nch.ie.