COIRM GAEL LINN
Samhain 23, 2010
Tá an dáta deiridh iontrála do COIRM GAEL LINN ag druidim linn. Ní mór foirmeacha iontrála líonta a bheith ag Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath roimh an Luan 6 Nollaig 2010. Tá na dátaí sealadacha do fhéilte COIRM socruithe timpeall na tíre ach tá seans go bhféadfadh na hionaid seo athrú ag brath ar líon na n-iarratas agus na ceantair as a dtagann siad. Déanfar cinneadh faoi na hionaid chomh luath is a bheidh na hiarratais uilig istigh. Is féidir tuilleadh eolais agus an fhoirm iontrála a íoslódáil ar www.gael-linn.ie nó is féidir glaoch ar Sheán Ó Ceallaigh ag 01.6753299 ( seanc@gael-linn.ie)
FÉILTE COIRM GAEL LINN 2011 – Dátaí Sealadacha
- Dé Céadaoin, 2 Feabhra 2011 & Déardaoin, 3 Feabhra 2011: Amharclann na Cathrach, Gaillimh
- Dé Céadaoin, 9 Feabhra 2011: Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Muí
- Déardaoin, 10 Feabhra 2011 : Amharclann N. Mícheál, Ros Mhic Thriúin
- Dé Máirt 1 Márta: Amharclann an Mhargaidh, Ard Mhacha
- Dé Céadaoin, 2 Márta 2011: Amharclann Hawkswell, Sligeach
- Déardaoin 3 Márta 2011: An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
- Dé Máirt 8 Márta 2011: Siamsa Tíre, Trá Lí
- Déardaoin 10 Márta 2011: Clasach, Fionnradharc, BÁC
- Dé Máirt 15 Márta: An Grianán, Leitir Ceanainn
Bíonn Gael Linn ag reáchtáil imeachtaí idirscoile ag an dá leibhéal:
- Coirm (Seó scoile – Bunscoileanna)
- Féilte Spóirt (Peil – Bunscoileanna)
- Spraoicheist (Tráth na gCeist – Bunscoileanna)
- Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain (Iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge)
- Comórtas Díospóireachta an Phiarsaigh (Iarbhunscoileanna nach scoileanna lán-Ghaeilge iad)
- Siansa Gael Linn (Comórtas agus Ceardlanna Ceoil – Iarbhunscoileanna)
- Abair Gael Linn (Comórtas Caint Phoiblí – Iarbhunscoileanna i gCúige Uladh)