Méid an Téacs

Comhdháil ar Litríocht na nÓg

Aibreán 2, 2013

Cén tionchar atá ag mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn agus san Eoraip?

Pléifear an cheist seo ag an tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg ón 20-21 Meán Fómhair 2013 in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath.

Díreofar ar stair chultúr Gaelach na n-óg, ar an suíomh reatha, agus ar dhúshláin na todhchaí. Tá sé mar aidhm ag an Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg plé a spreagadh i measc oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí den uile chineál agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg.

Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ar aon ghné de litríocht nó dechultúr na n-óg, teideal na cainte agus achoimre ar an ábhar a sheoladh chuig litriochtnanog13@gmail.com roimh 5in ar an 14 Meitheamh, 2013.