Méid an Téacs

Comórtais Liteartha an Oireachtais fógartha agus ‘Bestseller’ as Gaeilge ag teastáil ó TG4 & An tOireachtas

Márta 13, 2018

Ar tusa Ken Bruen na Gaeilge? An bhfeadfá Maeve Binchy a shárú ó thaobh scéalta grá de? Nó, an bhfuil mianach próis Mháirtín Uí Chadhain ionat? Má tá, tá TG4 agus An tOireachtas ag iarraidh labhairt leat!

D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le TG4, inniu 13 Márta 2018, duais nua – Buaic-Shaothar Próis na Bliana – urraithe ag TG4 mar chuid de Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2018. Má tá caighdeán agus an mianach oiriúnach sa saothar, bronnfar Buaic-Shaothar Próis na Bliana agus duaischiste de €3,000 ar an duais-saothar is fearr a d’fheilfeadh d’ábhar teilifíse ó na comórtais phróis agus úrscéalta. Is duais í seo a thabharfaidh tacaíocht breise do scríbhneoirí Gaeilge agus a bheidh mar thobar inspioráide do chláir TG4 amach anseo.

“Tá lúcháir orainn go bhfuil an fhorbairt chomhpháirtíochta is deireanaí seo idir An tOireachtas agus TG4 dírithe ar nua-scríbhneoireacht na Gaeilge”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Agus muid ag tabhairt aghaidh ar struchtúr nua do shraith na gComórtas Liteartha, tá súil againn go spreagfaidh an duais nua seo níos mó scríbhneoirí Gaeilge le dul i mbun pinn in 2018.”

“Tá cumadóirí agus scríbhneoirí rí-thábhachtach i ngach cultúr agus is amhlaidh do na Gaeil”, a dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont. Is breá leis na hÉireannaigh a bheith ag cumadh agus ag roinnt scéalta agus tá áthas orainn i TG4 a bheith ábalta spreagadh a thabhairt tríd an gcomórtas liteartha seo.”

Is é an aidhm leis na Comórtais Liteartha ná litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn. Rinneadh athbhreithniú agus athstruchtúrú ar shraith na gComórtas liteartha le linn na bliana 2017 agus rinneadh cinneadh nach nglacfar le saothair atá foilsithe cheana féin in aon chomórtas de chuid na gComórtas Liteartha a thuilleadh. Is ar shaothair neamhfhoilsithe amháin a mbeidh Comórtais Liteartha an Oireachtais dírithe orthu ó 2018 ar aghaidh.

Fiche haon (21) comórtas atá ar chlár na bliana seo – trí déag (13) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ocht gcinn (8) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d’fhoghlaimeoirí fásta, léirmheastóireacht, prós, filíocht, dráma agus eile.

Is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne ag www.antoireachtas.ie nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Is é an spriocdháta iontrála ná 1 Iúil 2018.