Cruinniú Ginearálta faoi na Painéil Múinteoireachta
Aibreán 11, 2011
Tá Cruinniú Ginearálta faoi dheacracht na scoileanna lán-Ghaeilge i dtaca leis na painéil múinteoireachta á reáchtáil ag Gaelscoileanna Teo. agus Foras Pátrúnachta na Scoileanna lán-Ghaeilge ó 17.00-19.00, ar Déardaoin, 14 Aibreán san Óstán Mullingar Park. Má tá sé i gceist agat freastal, iarraimid ort scéal a chur chugainn faoi dheireadh an lae ar an gCéadaoin (oifig@gaelscoileanna.ie nó 01 8535195)
Tá an cruinniú seo oscailte d’ionadaithe ó na scoileanna lán-Ghaeilge go léir (ní scoileanna a luíonn faoin bhForas Pátrúnachta amháin), ach go háirithe:
- Scoileanna le poist le líonadh ón bPainéal (scoileanna i mbéal forbartha san áireamh)
- Scoileanna atá ag cailliúint poist de bharr ardú sa chóimheas Daltaí le Múinteoirí
- Scoileanna atá ag déanamh achomhairc don Bhord Achomhairc don Fhoirniú i mBunscoileanna
Roinnfear eolas faoi chásanna na scoileanna éagsúla, pléifear na sain-cheisteanna agus glacfar cinntí i dtaobh straitéise aontaithe ar an gceist seo.
Seo thíos an treoir atá tugtha ag an bhForas Pátrúnachta dá gcuid scoileanna: