Méid an Téacs

Cruinniú Poiblí maidir le hiarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge, BÁC 15, ar an 26 Márta

Márta 27, 2014

Bhí an-rath ar an gcruinniú poiblí a d’eagraigh tuismitheoirí sa Crowne Plaza i mBaile Bhláinséir leis an t-éileamh ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath 15 a mheas, le slua mór i láthair agus an-suim léirithe sa bhfeachtas. Scaipeadh foirm ar an slua le go mbeadh deis acu léiriú spéise a dhéanamh, agus is féidir an fhoirm a íoslódáil anseo:

Survey BÁC15

Dhírigh an cruinniú ar na buntáistí atá ag an gcóras lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéil, an próiseas atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i leith scoileanna nua a bhunú agus ar fás na Gaeilge i mBaile Átha Cliath 15, idir naíonraí, scoileanna, ranganna d’fhoghlaimeoirí fásta, imeachtaí sóisialta agus eile. Pléadh an difríocht idir scoil neamhspleách agus Aonad lán-Ghaeilge agus deimhníodh go mbeadh iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua oscailte agus fáilteach do chách, beag beann ar cúlra teanga, cultúrtha nó eacnamaíochta.

Tá sé beartaithe coiste a bhunú le plé leis an bhfeachtas a chur chun cinn agus iarrfar ar éinne gur suim leo bheith gníomhach ar an gcoiste teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Forbartha Gaelscoileanna Teo. ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie.

Bhí Darren J. Prior i láthair ar an oíche le taifead a dhéanamh ar an ócáid ar son Raidió na Life, is féidir éisteacht lena thuairisc anseo.