Méid an Téacs

‘Cúram, Cothú agus Ceannaireacht’ – Comhdháil an Fhorais

Feabhra 27, 2014

Beidh Liam Ó Néill, uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, ina aoi speisialta ag Comhdháil an Fhorais Phátrúnachta a bheidh ar siúl ar an Satharn beag seo (1 Márta 2014) in Red Cow Moran Hotel, Baile Átha Cliath.

Tá An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge, ar an bhfód le 20 bliain anuas ag an bpointe seo agus 67 scoil faoina phátrúnachta. Is é ‘Cúram, Cothú agus Ceannaireacht‘ téama na comhdhála i mbliana.

Pléifear bearta frithbhulaíochta, dualgais an bhoird bhainistíochta, ceisteanna dlí, éitis na scoileanna, teicneolaíocht agus eile ar an lá.

Seolfar leagan Gaeilge de leabhrán ilchreidhmeach do scoileanna agus fógrófar buaiteoirí Chomórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta, comórtas nua atá tosaithe ag an eagraíocht i mbliana.

Tugann an ócáid seo deis do phríomhoidí, do chathaoirligh, do mhúinteoirí, do bhaill de bhoird bhainistíochta agus do dhaoine atá ag obair in earnáil an oideachais, teacht le chéile chun mórcheisteanna a phlé.

Beidh Eileen Flynn (saineolaí oideachais), Antoin Delap (Dlíodóir), Terry Allen (comhairleoir oideachais), Keith Young (saineolaí teicneolaíochta)i láthair chun píosaí cainte a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt.

Beidh an deis ag toscairí breathnú ar sheastáin ó Fhoras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4, Allianz, O2, Rith 2014, TEG agus eile.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta: “Táim ag súil go mór leis an gComhdháil ar an Satharn. Tá aoi-chainteoirí den scoth againn chun an t-eolas is déanaí agus is tábhachtaí a roinnt le scoileanna ar chúrsaí oideachais, dlí, teicneolaíocht, riaradh boird agus cur chun cinn sainspiorad.

“Leis an méid sin athruithe atá tagtha ar chúrsaí oideachais le roinnt blianta anuas, bíonn dualgais ar Bhoird agus ar Phríomhoidí a bheith suas chun dáta mar gheall ar na h-impleachtaí a bhaineann leo. Is deis iontach é an Chomhdháil chun an t-eolas seo a fháil agus chun naisc a dhéanamh le scoileanna eile faoi phátrúnacht an Fhorais.”

€30 atá ar thicéad. Is féidir ticéad a chur i áirithe trí ghlaoch a chur ar an oifig 01-6294110 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@foras.ie