Méid an Téacs

Deireadh seachtaine eile Gaeilge agus cultúrtha i nGaeltacht Ráth Chairn!

Lúnasa 27, 2012

Dóibh siúd gur spéis leo a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú  in atmasféar taitneamhach spraíúil, tá Gael Linn ag eagrú deireadh seachtaine Gaeilge agus cultúrtha i nGaeltacht Ráth Chairn ón Aoine  5 –  Domhnach 7 Deireadh Fómhair 2012.  Is é seo an cúigiú bliain don eagras an ócáid ráthúil seo a eagrú  i gcomhar le Comharchumann Ráth Chairn.  Is le linn Éigse Dharach Uí Chatháin a reáchtálfar deireadh seachtaine na bliana seo, uair a bheidh deis ag foghaimeoirí fásta na Gaeilge blaiseadh de chultúr na Gaeltachta agus den Ghaeilge labhartha. I measc na n-imeachtaí atá beartaithe, tá ranganna comhrá Gaeilge (meánleibhéal), ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, quiz boird agus seisiúin ceoil!  Socrófar lóistín  do na rannpháirtithe go háitiúil agus is é táille réasúnta na deireadh seachtaine ná €180 an duine -béilte san áireamh !

Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite idir Baile Átha Troim agus Áth Buí i gCo. na Mí – díreach uair an chloig ó Bhaile Átha Cliath !  Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1937 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí.

Tá gach eolas faoin deireadh seachtaine mar aon le foirmeacha iarratais ar fáil ó www.gael-linn.ie  nó ó Sheán Ó Ceallaigh 01:6753299.