Méid an Téacs

Deontais ar fáil faoi Scéim na nImeachtaí Óige

Bealtaine 11, 2012

Tá Foras na Gaeilge ag lorg iarratas ó ghrúpaí agus eagraíochtaí a eagraíonn imeachtaí trí Ghaeilge do dhaoine óga. Tá maoiniú faoi bhun €5,000/£3,500stg le fáil faoin scéim áirithe seo.

Tríd an scéim seo, tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge d’imeachtaí oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg agus a bhfuil mar aidhm acu “Úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a neartú”.

Ní mór imeachtaí feiliúnacha a chuirfidh le deiseanna úsáide na Gaeilge do dhaoine óga a bheith á reáchtáil idir 1 Meán Fómhair 2012 agus 30 Meitheamh 2013. Tabhair faoi deara nach mbeidh Foras na Gaeilge ag dul i mbun aon chomhfhreagrais le hiarrthóirí i ndiaidh an spriocdháta go mbeidh an measúnú déanta. Mar sin de, cuirtear i gcuimhne do ghrúpaí gach ceist ar an fhoirm seo a chomhlíonadh agus gach ní ar an seicliosta a sholáthar roimh an spriocdháta.  Má tá aon cheist ort faoi ghné ar bith den fhoirm ná den seicliosta, moltar duit teagmháil a dhéanamh le Foras na Gaeilge roimh an spriocdháta.

Tá an scéim seo oscailte d’aon ghrúpa nach eagraíocht bhunmhaoinithe iad agus glacfar le hiarratais go dtí 23 Bealtaine 2012.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.gaeilge.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com